Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Maoiniú le haghaidh faoiseamh tuile sna Balcáin fógartha ag an Aire Costello

 

Tá maoiniú €50,000 fógartha ag an Aire Trádála agus Forbartha, Joe Costello, TD, chun tacú le faoiseamh tuile sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin.

D’fhógair an tAire dlúthpháirtíocht mhuintir na hÉireann leo siúd a ndeachaigh drochthuilte sa tSeirbhia, sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, sa Chróit agus sa cheantar máguaird i bhfeidhm orthu.

Dúirt an tAire Costello:

“Bhí an-imní orainn faoi thionchar na dtuilte sa tSeirbia, sa Bhoisnia-Heirseagaivéin agus sa Chróit. Tuairiscítear gur cailleadh breis agus 50 duine agus go mb’éigean do bheagnach aon mhilliún duine a dtithe a fhágáil san tuilte is measa le breis agus céad bliain.

“Cuirfidh an Rialtas €50,000 ar fáil do World Vision Ireland chun tacú lena n-obair faoisimh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin. Úsáidfear an maoiniú le tacaíocht shíceolaíoch agus seirbhísí comhairliúcháin a chur ar fáil do leanaí a ndeachaigh na tuilte i bhfeidhm orthu agus chun vacsaíní a cheannach le ráigeanna de ghalair thógálacha a chosc.

“Tá fógra tugtha againn dár gcomhpháirtithe daonnúla go bhfuilimid réidh le bunearraí faoisimh a scaoileadh amach as na stoic atá réamhshuite againn i mBrindisi, san Iodáil, má theastaíonn siad.”

Agus fáilte á chur aige roimh an fhógra seo dúirt an tAire um Ghnóthaí Eorpacha, Paschal Donohoe, TD:

“Chruthaigh an léirscrios a d’fhulaing muintir na mBalcán i rith na míosa, agus an damáiste a rinne an tuile leathan, cuid mhór cruatain do mhuintir an réigiúin. Tugann Éire tacaíocht láidir do thíortha na mBalcán Thiar agus iad ag tabhairt faoi leasuithe tábhachtacha mar ullmhúchán do dhul isteach san AE. Chuaigh mé go dtí na Balcáin cúpla uair i mbliana lenár dtacaíocht a léiriú agus leanfaidh mé de bheith á dhéanamh seo sna míonna atá romhainn agus an réigiún ag teacht chuige féin tar éis na dtuillte millteacha seo.”

 

 

CRÍOCH

An Phreasoifig

25 Bealtaine 2014

 

Nótaí don eagarthóir:

  • Bhí World Vision ar cheann de na chéad ghníomhaireachtaí a d’fhreagair do na tuilte sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, ag cur bia, uisce agus fearas sláinteachais ar fáil, mar aon le soláthairtí dídine agus caidéil uisce. Is príomh-chomhpháirtí de chuid an AE sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin é World Vision ó thús na nóchaidí agus is príomh-chomhpháirtí é do chlár chúnamh forbartha na hÉireann thar lear, Cúnamh Éireann.
  • Mar fhreagra ar iarratas ó Rialtas na Seirbia, agus ó Rialtas na Boisnia agus na Heirseagaivéine, cuireadh Meicníocht um Chosaint Shibhialta an AE i ngníomh láithreach. Tríd an mheicníocht seo tá an AE agus a bhallstáit tar éis báid tarrthála, caidéil ardchumais, héileacaptair aslonnaithe agus tarrthála, gineadóirí, málaí gainimh, pubaill agus pluideanna a chur ar fáil mar aon le breis agus 400 pearsanra a bhfuil go leor taithí acu chun cuidiú le hiarrachtaí faoisimh.
  • Éascaíonn an Mheicníocht um Chosaint Shibhialta seo gluaiseacht agus comhordú cúnaimh chosanta shibhialta theicniúil nó fhisiciúil i gcás mór-éigeandálaí atá tar éis cumas freagartha an Stáit atá i gceist a threascairt.