Cuireann an Tánaiste a chomhbhrón in iúl maidir le bás Gerry Conlon
21/6/14
Tá a chomhbhrón maidir le bás Gerry Conlon curtha in iúl ag an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, T.D.
Dúirt an Tánaiste inniu:
“Ba thrua liom a chloisteáil faoi bhás Gerry Conlon agus ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh lena mhuintir agus lena chairde.
“D’fhulaing an tUasal Conlon iomrall ceartais tromaí mar a d’fhulaing a athair Giuseppe, Paul Hill, Carol Richardson agus Paddy Armstrong.
“Níos déanaí ina shaol bhain Gerry leas as a thaithí féin chun dul i mbun feachtais ar mhaithe le daoine eile tríd an ngrúpa Miscarriages of Justice Organisation.
“Is mór an chailliúint é don phobal in Iarthar Bhéal Feirste agus ar fud an domhain i measc na ndaoine a bhíonn ag obair chun ceartas a bhaint amach.”
CRÍOCH
An Phreasoifig
21 Meitheamh 2014