Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Maoiniú do GOAL le haghaidh cúnaimh éigeandála san Iaráic fógartha ag an Rialtas

 

D’fhógair an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, TD, agus an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello, TD, €200,000 i maoiniú do GOAL chun cúnamh daonnúil láithreach a sholáthar do theaghlaigh leochaileacha atá ag teitheadh ó choimhlint san Iaráic.

Ag labhairt do in Washington, dúirt an Tánaiste:

“Táim thar a bheith buartha faoin meath ollmhór atá tagtha ar chúrsaí slándála san Iaráic. Tá leath milliún duine easáitithe mar thoradh ar an diantrodaíocht seo. Is ionann an méadú mór ar an bhforéigean agus bagairt thromchúiseach ar an slándáil, ní amháin do mhuintir na hIaráice, ach don réigiúin ar fad.

“Cáinim gach ionsaí seictreach i gcoinne shibhialtaigh na hIaráice, agus iarraim go scaoilfí saor gach príosúnach, lena n-áirítear náisiúnaigh na Tuirce a gabhadh mar ghialla i Mosul. Tá a dtacaíocht leanúnach léirithe ag muintir na hIaráice, sna toghcháin náisiúnta le déanaí, do rialtas sibhialta daonlathach. Ba chóir do gach ceannaire polaitiúil san Iaráic teacht le chéile ar bhealach níos cuidithí chun an ghéarchéim seo a shárú, chun seicteachas a dhiúltú agus chun aontacht náisiúnta do gach Iarácach a chur chun cinn.

“Cuirfidh an Rialtas €200,000 ar fáil do GOAL chun tacú lena bhfreagairt éigeandála in Ninewa Governate, i dTuaisceart na hIaráice. Bainfear úsáid as an maoiniú chun míreanna faoisimh riachtanacha a sholáthar lena n-áirítear pubaill agus trealamh sláinteachais chuig na teaghlaigh is leochailí arbh éigean dóibh a dtithe a fhágáil.”

Agus é ag tabhairt rabhaidh maidir le géarchéim dhaonnúil fhéideartha, dúirt an tAire Costello:

“Tá sé soiléir go bhfuil géarchéim dhaonnúil thromchúiseach ar tí tarlú i réigiún a d’fhulaing tionchar thrí bliana cogaíochta sa tSiria. Tá Éire réidh chun cúnamh daonnúil breise a chur ar fáil agus tá ár gcomhpháirtithe daonnúla ar aon eolas go bhfuil muid réidh le míreanna faoisimh riachtanacha a scaoileadh ón na stoic atá réamh-shuite againn in Dubai.

 “Iarraim ar gach duine atá bainteach leis an trodaíocht meas a bheith acu ar dhlí daonnúil idirnáisiúnta, lena chinntiú go dtugtar cosaint do shibhialtaigh, go dtugtar rochtain shábháilte gan bhac do ghníomhaireachtaí daonnúla agus go gcuirtear pasáiste sábháilte ar fáil dóibh siúd atá ag teitheadh ó na ceantair a bhfuil tionchar díreach ag an trodaíocht orthu.“

 

CRÍOCH

An Phreasoifig

18 Meitheamh 2014

 

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Is príomh-chomhpháirtí daonnúil é Goal sa réigiún do Chúnamh Éireann, clár forbartha na hÉireann thar lear. Tá €1.65 milliún faighte ag Goal le dhá bhliain anuas dá chláir sa tSiria.
  • Tá os cionn €13 milliún curtha ar fáil ag Éirinn i gcomhair chláir dhaonnúla san Iaráic thar na tréimhse 2006-2014.
  • Tá €160,000 curtha ar fáil ag Éirinn go dtí seo i mbliana chun tacú le soláthar seirbhísí cosanta agus le soláthar cúnaimh do dídeanaithe baineann as Siria agus do phobail óstacha san Iaráic. Tugann an maoiniú a fógraíodh inniu deonachán na hÉireann chuig an Iaráic go dtí €360,000.
  • Ina theannta sin, tá Éire chun tosaigh maidir leis an bhfreagairt idirnáisiúnta ar ghéarchéim na ndídeanaithe sa tSiria, agus ar bhonn per capita tá sí ar cheann de na deontóirí is flaithiúla a chuireann cúnamh daonnúil éigeandála ar fáil. Ag an Dara Comhdháil Gealltanas Daonnúil Idirnáisiúnta don tSiria agus an réigiún, gheall Éire €12 milliún breise, agus tá an geall sin sáraithe aici cheana féin, ag tabhairt ár dtiomantas maoinithe foriomlán sa tréimhse 2011 go 2014 go dtí €28.001 milliún.