Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Déanann an Tánaiste comhghairdeas le Richard Haass faoi Ghradam Síochána Thiobraid Árann

Tánaiste Eamon Gilmore, Próiseas Síochána Thuaisceart Éireann, Preas Ráiteas, Tuaisceart Éireann, Éireann, 2014

 

Thug an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, T.D., moladh don Dr. Richard Haass as a chuid oibre i dTuaisceart Éireann agus mar aitheantas ar an obair sin bronnfar an gradam mór le rá air um thráthnóna, Gradam Síochána Thiobraid Árann.

Ag labhairt as Lucsamburg, áit a bhfuil sé ag freastal ar chruinniú de chuid na nAirí Eachtracha Eorpacha, dúirt an Tánaiste:

“Faoi chathaoirleacht an Dochtúra Haass, rinneadh dul chun cinn mór ar na saincheisteanna is casta agus is conspóidí atá os comhair na sochaí i dTuaisceart Éireann. Bhí tionchar mór ag for-rochtain an Dochtúra Haass ar feadh na sochaí i dTuaisceart Éireann ó thaobh daoine a spreagadh chun muinín a bheith acu as an athrú agus a éileamh ar a gcuid ceannairí dul i mbun oibre chun sochaí ina mbeadh níos mó athmhuintearais a bhaint amach.

“Beidh an obair a rinne an Dr. Haass agus an Dr. Meghan O’Sullivan anuraidh mar bhonn láidir don chomhaontú a chaithfidh ceannairí Thuaisceart Éireann a chomhlíonadh. Tá muintir Thuaisceart Éireann ag súil go léireoidh a gcuid ionadaithe tofa fíor-cheannaireacht trí oibriú i dtreo réiteach níos cuimsithí agus níos cothroime ar na saincheisteanna casta atá os a gcomhair.

“Ó tháinig deireadh le ról foirmiúil an Dochtúra Haass mar chathaoirleach, lean sé ar aghaidh ag cur suim i dTuaisceart Éireann agus sna caintí polaitiúla ach go háirithe agus is mór liom na cainteanna leanúnacha a bhíonn fós ar siúl againn. Labhair mé le Richard ar an teileafón an tseachtain seo caite ó Washington D.C., agus rinne mé comhghairdeas leis.

“Táim sásta go bhfuil aitheantas níos leithne á thabhairt inniu don ról lárnach agus forleathan a bhí aige sna cainteanna polaitiúla a chur chun cinn.”

 

An Phreasoifig

23 Meitheamh 2014

 

Nóta d’Eagarthóirí:

  • Bunaíodh Coinbhinsiún Síochána Thiobraid Árann i 1983 agus mar chuid de bronntar gradam gach bliain ar dhuine a rinne obair ríthábhachtach maidir leis an bpróiseas síochánaíochta.
  • I measc na ndaoine a fuair an gradam roimhe seo tá Nelson Mandela, Mikhail Gorbachev agus an t-Iar Uachtarán Mary McAleese agus an Dr Martin McAleese.
  • Anuraidh, ba í an cailín feachtais síochána as an bPacastáin, Malala Yousafzai, an duine is óige chun an gradam a fháil go dtí seo.