Ráiteas ón Taoiseach maidir le triúr déagóirí as an Iosrael a maraíodh sa Bhruach Thiar
01 July 2014
Rinne an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, T.D. an ráiteas seo a leanas maidir le triúr déagóirí as an Iosrael a maraíodh sa Bhruach Thiar.
“Is cúis mhór bróin dom a chloisteáil gur bhásaigh an triúr déagóirí a fuadaíodh sa Bhruach Thiar an 12 Meitheamh a rabhamar go léir ag súil a thiocfadh slán abhaile. Cáinim an marú seo nach féidir a chosaint agus tá súil agam go ngabhfar an té a rinne é go luath.
“Ba mhaith liom comhbhrón a dhéanamh le muintir na ndéagóirí an tráth brónach seo agus le muintir na ndaoine go léir a maraíodh sa cheantar le seachtainí beaga anuas.
“Is den tábhacht freisin é go mbeadh na húdaráis freagrach agus srianta ina bhfreagra agus nach mbeadh aon íospartach neamhurchóideach eile mar thoradh ar an gcoir uafásach seo.”
An Phreasoifig
1 Iúil 2014