Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Ráiteas an Aire Flanagan maidir le saoránaigh na hÉireann sa Libia

Consalachta, Caidreamh Idirnáisiúnta, Aire Charles Flanagan, Preas Ráiteas, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh, 2014

 

Tá an ráiteas seo a leanas tugtha ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUas. Charlie Flanagan TD, maidir le cás shaoránaigh na hÉireann sa Libia.

“Tá cúrsaí slándála sa Libia ag dul in olcas go mór le roinnt seachtainí anuas mar gheall ar an méadú atá ag teacht ar an trodaíocht idir ghrúpaí mílíste i dTripilí agus i gcathracha móra eile.

Fuarthas go leor tuairiscí faoi dhamáiste d’infreastruchtúr riachtanach, rud a chuireann isteach ar chúrsaí taistil idir an Libia agus an Eoraip.

“Tá thart ar 100 Éireannach fós sa Libia, an formhór acu atá ina gcónaí ann le fada. Tá Foireann Ghéarchéime bunaithe ag mo Roinn agus tá sí i dteagmháil faoi láthair leis na saoránaigh Éireannacha sin agus lena dteaghlaigh, le comhairle agus cúnamh a thabhairt dóibh.

“Táimid ag obair go dlúth lenár gcomhpháirtithe san AE agus leanfaimid orainn ag cur cúnamh díreach agus eolas cothrom le dáta ar fáil do shaoránaigh Éireannacha agus dá gcuid teaghlach sna laethanta amach romhainn.

“Molaim do gach Éireannach sa Libia nach rabhthas i dteagmháil leo fós clárú leis an Roinn agus an chomhairle taistil is déanaí uainne a leanúint. Féach www.dfa.ie nó glaoigh orainn ar 00353 1 408 2000.”

 

CRÍOCH

An Phreasoifig
1 Lúnasa 2014