Foireann saineolaithe as Éirinn le taisteal chun na nOileán Filipíneach
25/11/13
Thug Éire freagra tapa ar an bhfulaingt ollmhór mar thoradh ar Tíofún Haiyan, agus chuir maoiniú agus soláthairtí tarrthála ar fáil láithreach arbh fhiú níos mó ná €3.5 milliún iad
Taistealóidh foireann saineolaithe ón Rialtas chun na nOileán Filipíneach an tseachtain seo. Tá an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore T.D. agus ag an Aire Trádála agus Forbartha, Joe Costello, T.D., tar éis iarraidh ar an bhfoireann measúnú a dhéanamh ar an tslí is fearr is féidir le hÉirinn cabhrú leis an tír téarnamh ó iarmhairtí uafásacha Tíofún Haiyan sna míonna amach romhainn.
Dúirt an Tánaiste:
"Thug Éire freagra tapa ar an bhfulaingt ollmhór mar thoradh ar Tíofún Haiyan, agus chuir maoiniú agus soláthairtí tarrthála ar fáil láithreach arbh fhiú níos mó ná €3.5 milliún iad. Aithnímid, áfach, cé nach scéal mór do na meáin níos mó é, go bhfuil na milliún Filipíneach fós gan dídean, agus go bhfuil a slite beatha scriosta agus a dteaghlaigh i mbaol. Tá Éire tiomanta cabhrú leo a gcuid saol a atógáil sna blianta amach romhainn.
Chomh luath agus a bheidh aghaidh tugtha againn ar riachtanais láithreacha na ndaoine maidir le dídean, bia, uisce glan agus cúram sláinte, ní mór don phobal idirnáisiúnta oibriú go dlúth leis na húdaráis Filipíneacha chun plé a dhéanamh ar thacaíocht leanúnach le haghaidh beart téarnaimh. Thugamar mar chúram don fhoireann measúnú a dhéanamh ar an tslí is éifeachtaí is féidir le hÉirinn freagairt do riachtanais níos fadtéarmaí na bpobal sna hOileáin Fhilipíneacha."
Daoine as an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus as Óglaigh na hÉireann atá san fhoireann, agus rachaidh siad chun na nOileán Filipíneach Dé Céadaoin. Casfaidh siad le Rialtas na nOileán Filipíneach, le gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha sna ceantair is measadh a bualadh ag an Tíofún.
Ar an misean a chur i gcrích acu, tabharfaidh an fhoireann a moltaí maidir leis an tslí is féidir le hÉirinn leanúint ar aghaidh ag tabhairt tacaíochta do mhuintir na nOileán Filipíneach.
Dúirt an tAire Joe Costello:
"Tá a fhios againn ó na ceachtanna foghlamtha i ndiaidh tubaistí nádúrtha a tharla roimhe seo, mar shampla an Súnámaí in 2004 agus an crith talún in Háítí in 2010, go gcaithfidh an pobal idirnáisiúnta leanúint ar aghaidh ag tacú leis na daoine faoi thionchar na dtubaistí i bhfad i ndiaidh an chéad iarrachta faoisimh.
Agus sinn ag cabhrú le teaghlaigh agus le pobail a gcuid saol a atógáil, ní mór dúinn a chinntiú go dtugann ár dtacaíocht deis dóibh atógáil ar bhealach níos láidre, le go mbeidh siad ábalta tionchar aon tubaistí nádúrtha amach anseo a sheasamh."