Ráiteas ón Tánaiste maidir leis an timpiste traenach sa Spáinn
25/7/13Chuir an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore T.D. a chomhbhrón ó chroí in iúl do theaghlaigh na ndaoine go léir a maraíodh agus dóibh sin a gortaíodh nuair a cuireadh traen de na ráillí i dTuaisceart na Spáinne.
Cuireadh an traen paisinéirí, a bhí ag taisteal ó Mhaidrid go dtí Ferrol in iarthuaisceart na Spáinne, de na ráillí lasmuigh de chathair Santiago de Compostela aréir.
Táim ag cuimhniú orthu sin a bhfuil duine muinteartha leo nó duine a bhfuil aithne acu orthu imithe uathu anois mar gheall ar an tragóid tragóideach seo. Is ceann scríbe a bhfuil an-tóir air é an réigiún Gailísise ina bhfuil cathair Santiago do thurasóirí na hÉireann agus bhí Ambasáid na hÉireann i Maidrid i dteagmháil leis na húdaráis réigiúnach ó tharla an timpiste. Is léir ag an bpointe seo nár gortaíodh aon Éireannach sa tragóid, agus d’fhéadfadh sé go dtógadh sé roinnt ama sula mbeidh gach duine a bhí sa timpiste aitheanta.
Iarraim ar aon duine a bhfuil imní orthu faoi dhuine muinteartha a cheapann siad a bhí ag taisteal ar an traen teagmháil a dhéanamh le mo Roinn ag 01-4082000’