Ionsaithe ar Halla Cuimhneacháin na bPrintíseach i nDoire cáinte ag an Tánaiste
26 July 2013Rinne an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore T.D. an ráiteas seo a leanas inniu:
"Cáinim go mór na hionsaithe uafásacha a rinneadh ar Halla Cuimhneacháin na bPrintíseach i nDoire le laethanta beaga anuas.
Tá muintir Dhoire ag baint sult as bliain ar éirigh chomh maith sin leo mar Chathair Chultúir agus rinneadh athchóiriú ar an Halla Cuimhneacháin le déanaí mar chuid d'obair na bPrintíseach don cheiliúradh seo.
Tharla na hionsaithe i nDoire i ndiaidh ionsaithe eile ar Hallaí Oráisteacha feadh Thuaisceart Éireann agus na heachtraí foréigneacha thart ar pharáid an 12ú Iúil i mBéal Feirste.
Cáinim go hiomlán na hionsaithe sin agus is é an aidhm atá leo cur le teannas seicteach agus foréigean a spreagadh ag am a bhfuilimid dírithe ar chur le sochaí i gcomhar agus infheistíocht isteach agus turasóireacht a mhealladh chuig Tuaisceart Éireann. Ba é sin an t-ábhar a díríodh orthu sna cainteanna a bhí agam leis an Rúnaí Stáit i mBaile Átha Cliath Dé Céadaoin. Tá an dá Rialtas agus ceannairí polaitíochta Thuaisceart Éireann diongbháilte nach mbainfidh ionsaithe den sórt sin ón obair mhaith atá á déanamh ag leibhéal an phobail."