Achainí déanta ag Gilmore suaimhneas a choinneáil i dTuaisceart Éireann
13/7/13Tá achainí déanta ag an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Eamon Gilmore, T.D., ar cheannairí polaitíochta agus pobail i mBéal Feirste foréigean a sheachaint an deireadh seachtaine seo.
Thug an Tánaiste ar aird go bhfuil dul chun cinn déanta le laethanta beaga anuas ó thug an Cathaoirleach a bheidh ar chainteanna amach anseo, Richard Haass, cuairt thairbheach ar Thuaisceart Éireann agus ó thug an tOrd Oráisteach geallúint go mbeadh siad páirteach sa phróiseas sin.
Dúirt sé áfach, nach féidir fanacht go dtosódh na cainteanna san fhómhar chun an teannas i gceantair a bhaineann leis an dá thaobh a mhaolú.
“Caithfear tús a chur leis an obair sin anois agus caithfear an mí-shuaimhneas leanúnach a rinne cuid mhór damáiste do chúrsaí infheistíochta agus fostaíochta níos luaithe i mbliana a sheachaint” a dúirt Gilmore.
“Thar aon ní eile, caithfidh gach duine tacaíocht a thabhairt don dlí agus don PSNI a bhfuil an cúram orthu an dlí a chur i bhfeidhm.”