Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Seolann an Tánaiste comhairliúchán poiblí maidir le polasaí eachtrach na hÉireann

Éire, Tánaiste Eamon Gilmore, Caidreamh Taidhleoireachta, Caidreamh Idirnáisiúnta, Preas Ráiteas, Éireann, 2013

 

Tá cuireadh tugtha ag an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Eamon Gilmore T.D. don phobal cur le athbhreithniú maidir le polasaí eachtrach na hÉireann.

Is é seo an chéad athbhreithniú oifigiúil maidir le polasaí eachtrach na hÉireann a rinneadh ó lár na 1990-idí.

Agus próiseas comhairliúcháin phoiblí á fhógairt aige le linn cruinnithe leis an gComhchoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus Trádáil, dúirt an Tánaiste:

“Is ráiteas é ár mbeartas eachtrach ar cé muid féin. Is trí sin a chuirimid ár luachanna chun cinn agus a choinnímid lenár leasanna thar lear. Is trí sin a théimid sa tóir ar rathúlacht eacnamaíoch na hÉireann agus a gcuirimid síocháin agus slándáil chun cinn sa bhaile agus sa domhan níos leithne.

“Téann an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála sa tóir gan staonadh ar na spriocanna sin ar bhonn laethúil. Tá ambasáidí agus oifigí taidhleoireachta agus consalachta eile timpeall an domhain ag obair go crua le tacaíocht a thabhairt do ghnó na hÉireann, trádáil, turasóireacht agus infheistíocht a spreagadh, seirbhísí a sholáthar dár saoránaigh, agus seasamh suas do leasanna agus luachanna na hÉireann.”

Thug an Tánaiste spreagadh don phobal ionchur a dhéanamh san Athbhreithniú maidir le Polasaí Eachtrach agus Caidreamh Seachtrach na hÉireann:

“I dtimpeallacht dhomhanda a bhíonn ag athrú go tapa, tá an Rialtas tiomanta a chinntiú go mbainfear an tairbhe is mó is féidir as na hacmhainní a infheistímid in ár gcaidreamh idirnáisiúnta.  Teastaíonn uainn a chinntiú go ndéanfaidh Éire a seasamh ó thaobh tionchair agus measa de sa phobal domhanda a choimeád.  Cabhróidh an t-athbhreithniú seo linn é sin a bhaint amach.  Tugaim cuireadh don phobal agus do gheallsealbhóirí leasmhara a dtuairimí a thabhairt ionas gur féidir linn na spriocanna agus na cuspóirí cearta a shocrú maidir lenár bpolasaí eachtrach.”

Tugtar cuireadh don phobal a dtuairimí a thabhairt ar aon ghné de pholasaí eachtrach agus caidreamh seachtrach na hÉireann. Tá mionsonraí ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag www.dfat.ie.