Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tugann an tAire, cuairt ar Gána agus ar an Nigéir chun trádáil agus infheistíocht a mhéadú

Cuireann an tAire do Thrádáil agus Forbairt Joe Costello TD, tús inniu le cuairt cúig lá ar Gána agus ar an Nigéir chun bearta a phlé chun trádáil a mhéadú le hÉirinn.

Buailfidh an tAire Costello, a bhfuil ionadaithe in éineacht leis as Fiontraíocht Éireann agus Bord Bia, le hinfheisteoirí tábhachtacha as Éirinn agus le ceannairí gnó áitiúla sa dá thír agus beidh cainteanna polaitiúla ardleibhéil ar bun acu. 

Tabharfaidh an tAire Costello cuairt freisin ar Ollscoil Gána chun comóradh a dhéanamh ar 50 bliain ó ceapadh an Dr Conor Cruise O’Brien mar Leas-Seansailéir ag céad Uachtarán Gána Kwame Nkrumah. Tabharfaidh sé aitheasc agus cuirfidh sé cóip de chuimhní cinn an Dr O’Brien faoi bhráid na leabharlainne.

Le linn a chuairte, tabharfaidh an tAire Costello cuairt ar Chalafort Tema i nGána a bhain leas as tacaíocht Chúnamh Éireann do chlár comhpháirtíochta le Cuideachta Poirt Bhaile Átha Cliath, Calafort Chorcaí agus Coimisinéirí Chuan Bhéal Feirste.  Feicfidh an tAire an tionchar a bhí ag an gclár oiliúna bainistíochta calafoirt, atá á rith ag na Náisiúin Aontaithe le tacaíocht ó Chúnamh Éireann, agus aibhseoidh sé an tábhacht atá le rannpháirtíocht na hÉireann i mbainistíocht calafort.

Ag labhairt dó roimh an gcuairt, dúirt an tAire Costello: 

“D’oscail Éire ár gcéad Ambasáid Afracach sa Nigéir in 1961. Le 50 bliain anuas, tá fás seasta tagtha ar thrádáil agus infheistíocht idir ár dtíortha – agus go deimhin leis an Afraic trí chéile. Tabharfaidh mo chuairt an tseachtain seo deis dom machnamh a dhéanamh ar na deiseanna atá ann trádáil déthaobhach níos mó a dhéanamh agus dul i gcomhairle leo siúd ar éirigh go maith leo sa mhargadh áitiúil. Tá sé sin ag teacht le Straitéis i leith na hAfraice mo Roinne féin, ina leagtar amach conas a mhéadóimid trádáil dhá threo leis an Afraic.  Tá áthas orm go háirithe go bhfuil Bord Bia agus Fiontraíocht Éireann araon rannpháirteach sa mhisean seo.

“Gheobhaidh mé deis ar mo chuairt chuig Calafort Tema, a fhreastalaíonn ar Gána agus tíortha talamhiata Buircíne Fasó, an Nígir agus Mailí, iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir le hÉirinn, leis an taithí láidir atá againn in earnáil na gcalafort, cabhair bhreise a thabhairt do thíortha ar fud na hAfraice atá ag forbairt a gcuid calafort d’fhonn deiseanna trádála agus gnó a mhéadú.  Mar náisiún oileáin, tá Éire beagnach ag brath go hiomlán ar ár gcalafoirt i gcomhair trádála. Tá Calafort Bhaile Átha Cliath freagrach as 42% dár OTI a láimhseáil. Tá go leor ceachtanna is féidir a roinnt idir Éirinn agus an Afraic san earnáil seo atá leagtha amach go stuama.

Ar an Luan, déanfaidh an tAire Costello comóradh ar chothrom 50 bliain ó ceapadh an Dr Conor Cruise O’Brien mar Leas-Seansailéir ar Ollscoil Gána.

Dúirt an tAire Costello:  

“Thug Conor Cruise O’Brien dúshlán do chríonnacht thraidisiúnta le linn gairm bheatha fhada éagsúil i Rialtas, ag na Náisiúin Aontaithe, sa saol acadúil agus sna meáin. Tá an-áthas orm comóradh a dhéanamh ar an méid a rinne sé do chúrsaí oideachais i nGána.  Tá sé ar dhuine de chuid mhaith oideachasóirí Éireannacha a d’fhág oidhreacht mhórtasach san Afraic.

Tabharfaidh an tAire Costello cuairt ar dhá ghnó Éireannacha atá bunaithe sa Nigéir: Gléasra Guinness na Nigéire agus monarcha Nutricima in Lagos, áit a ndearna Glanbia infheistíocht shuntasach. Beidh comhairliúcháin ar bun aige freisin leis an Aireacht Gnóthaí Eachtracha i nGána agus le Gobharnóir Stát Lagos, Babtunde Fashola.