Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Vótálann Éire ar son Stádas mar Stát Breathnóireachta a thabhairt don Phalaistín ag na NA

Fáiltíonn an Tánaiste roimh Chinneadh Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe 

Chuir an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Gilmore, T.D., fáilte ghnaíúil roimh an Rún a glacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe tráthnóna inniu chun stádas mar Stát Breathnóireachta sna NA a thabhairt don Phalaistín. Vótáil Éire i bhfabhar an rúin.  

“Bhíomar mórtasach an tráthnóna seo dul i dteannta an oiread sin comhghleacaithe de na NA ag vótáil i bhfabhar an Phalaistín a bheith ina Stát Breathnóireachta laistigh de na NA.   Bhí Éire le fada an lá i mbun chás na Palaistíne, chomh maith leis an tábhacht riachtanach atá ann do réigiún an Mheánoirthir trí chéile maidir le socrú síochána cuimsitheach bunaithe ar dhá stát, Iosrael agus an Phalaistín, agus iad ag maireachtáil taobh le taobh faoi shíocháin agus go slán. 

“Is léiriú é vóta na hoíche anocht de chéim thábhachtach do mhuintir na Palaistíne ar an gcosán i dtreo féin-stát iomlán agus dóibh siúd freisin atá ag tnúth leis an lá nuair a bheidh an Phalaistín in ann a háit a ghlacadh mar is ceart di mar bhall iomlán de na Náisiúin Aontaithe. Is fada muid ag súil leis an lá sin agus an gá atá le socrú síochána cóir agus ionraic idir Iosrael agus an Phalaistín.”

“Dúirt an tUachtarán Abbas go soiléir go n-osclóidh cinneadh na hoíche anocht an bealach dó, thar ceann mhuintir na Palaistíne, filleadh ar chainteanna substaintiúla síochána leis an bPríomh-Aire Netanyahu agus a rialtas. Cuirim fáilte roimh an ngealltanas sin a bhí mar ghné thábhachtach inár gcinneadh vótáil i bhfabhar an Rúin seo.”

“Spreagaim an dá thaobh filleadh ar chainteanna anois agus an tasc práinneach agus stairiúil sin atá de chúram orthu araon a chomhlíonadh.  Mar a tugadh le fios ar an drochuair le himeachtaí le déanaí anuas in Gaza, tá an gá atá le socrú síochána den sórt sin ag éirí níos práinní gach lá a théann thart.”

“Ní thuigeann aon dream níos fearr ná muintir na hÉireann an fhreagracht mhór a bhaineann le coimhlintí a réiteach agus le síocháin a thógáil agus an comhghéilleadh deacair agus anróiteach a ghabhann le cainteanna den sórt sin go minic. Mar sin féin, mar a luaigh mé i m’aitheasc do Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe mí Mheán Fómhair seo caite, is féidir leis an Uachtarán Abbas agus leis an bPríomh-Aire Netanyahu fios a bheith acu beirt go bhfaighidh siad tacaíocht gan theorainn an phobail idirnáisiúnta go léir má tá siad réidh leis na rioscaí is gá a ghlacadh ar mhaithe le síocháin agus socrú síochána cuimsitheach a phlé, lena réiteofar gach saincheist lárnach.