Buaileann an Tánaiste le Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, an Feisire Theresa Villiers
06 November 2012Bhuail an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, le Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, an Feisire Teresa Villiers ag Teach Uíbh Eachach tráthnóna.
Phléigh an bheirt raon iomlán na saincheisteanna polaitiúla, eacnamaíocha agus comhair shlándála a bhaineann le Tuaisceart Éireann.
I ndiaidh an chruinnithe, dúirt an Tánaiste:
“Bhuail mé leis an Rúnaí Stáit chun forbairtí i dTuaisceart Éireann a phlé agus a athbhreithniú, lena n-áirítear dúnmharú brúidiúil David Black. Thapaigh mé an deis chun aird a tharraingt ar an rún atá againn oibriú leis na húdaráis i dTuaisceart Éireann chun an dlí a chur ar an dream a dhúnmharaigh é. Rinneamar athbhreithniú freisin ar raon na gcaidreamh idir an dá Rialtas ar shaincheisteanna a bhaineann le Tuaisceart Éireann, ag díriú ar chomhar eacnamaíoch agus ar an obair leanúnach atá ar bun ag an dá Rialtas ag tacú le Feidhmeannas Thuaisceart Éireann.”