An Tuarascáil Iniúchta maidir le cistí Chúnamh Éireann a ndearnadh mí-leithghabháil orthu in Uganda
23 November 2012D’fhoilsigh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Gilmore, T.D., inniu an Tuarascáil Iniúchta ina ndéantar imscrúdú ar an mí-leithghabháil €4 mhilliún a rinneadh le déanaí ar chistí Chúnamh Éireann a bhí leagtha amach le haghaidh an Chláir um Shíocháin, Téarnamh agus Forbairt (PRDP) in Uganda.
Rinneadh imscrúdú san iniúchadh, a rinne foireann iniúchóirí ón Aonad Meastóireachta agus Iniúchóireachta den Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ar conas a rinne oifigigh in Oifig Phríomh-Aire Uganda leithdháileadh ar chistí Chúnamh Éireann, gan údarú.
Dúirt an Tánaiste:
“Tá tuarascáil na n-iniúchóirí a chuir mé go Kampala chun iniúchadh a dhéanamh ar thorthaí thuarascáil an Ard-Iniúchóra in Uganda inar tugadh le fios go ndearnadh mí-leithghabháil ar €4 mhilliún de chistí Chúnamh Éireann, faighte agam. Rinne mé scrúdú ar an tuarascáil agus táim meáite na moltaí atá inti a chur i bhfeidhm.”
“Ceann de phríomhthorthaí na tuarascála is ea gur calaois an-sofaisticiúil, a ndearnadh go leor machnaimh air a bhí anseo ina raibh claonpháirteachas ar leibhéal sinsearach ar bun, agus go raibh an leibhéal comhpháirteachais eisceachtúil sa mhéid nárbh fhéidir é a thuar go réasúnta”.
“Tá maoiniú chláir Chúnamh Éireann a chuirtear ar fáil trí Rialtas Uganda curtha ar fionraí cheana féin agam – €16 milliún ar an iomlán i mbliana. Beidh an fionraí seo i bhfeidhm go dtí go dtabharfar ar ais dúinn an €4 mhilliún agus go bhfuilimid go hiomlán sásta go bhfuil Rialtas Uganda tar éis na rialuithe airgeadais inmheánacha a láidriú agus feidhmiú i gcoinne gach oifigeach ar tharraing an tArd-Iniúchóir isteach sa gcalaois seo iad.
“Déantar tagairt sa tuarascáil ar roinnt réimsí ina cheart do chórais rialaithe Chúnamh Éireann den chlár PRDP a bheith níos láidre. Aibhsítear freisin an tábhacht atá le rioscaí a aithint agus le bainistíocht i gcomhthéacs na bpróifílí riosca atá ag athrú i dtíortha i mbéal forbartha.
“Tá ordú tugtha agam do m’oifigigh tabhairt faoi athbhreithniú ar gach córas bainistíochta, monatóireachta agus rialaithe ar fud na gclár déthaobhach go léir atá againn lena chinntiú go bhfuil rioscaí á n-aithint agus á mbainistiú go cuí. Cuirfear gach beart is féidir i bhfeidhm chun an riosca a bhaineann le calaois amach anseo a íoslaghdú.”
Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le Fionnuala Quinlan, Preasoifigeach, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar 087-9099975.