Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An bhfógra go mbeidh Inis Ceithleann i mbun Chruinniú Mullaigh an G8 i mí an Mheithimh 2013

Chuir an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Gilmore T.D., fáilte roimh an bhfógra inniu a rinne an Príomh-Aire David Cameron go mbeidh an chéad Chruinniú Mullaigh G8 eile ar siúl in Inis Ceithleann, i gContae Fhear Manach.

Dúirt an Tánaiste:

“Ba mhaith liom teacht leis an gCéad-Aire agus leis an gCéadLeas-Aire a chuir fáilte roimh an bhfógra seo mar vóta muiníne soiléir i dTuaisceart Éireann.”  

“Beidh an G8 ar an gcruinniú daonlathach idirnáisiúnta is mó a bheidh ar siúl i dTuaisceart Éireann.   Tagann sé sna sála ar Chomhairle Aireachta an OSCE (an Eagraíocht um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip) i mBaile Átha Cliath an 6-7 Nollaig, an cruinniú aonair is mó d’Airí Eachtracha a bhí ar bun in Éirinn, agus a bheidh ar bun i gcomhthráth lenár nUachtaránacht ar an AE sa chéad chuid den chéad bhliain eile.  Cuidíonn gach ceann de na himeachtaí seo chun bonn taca a chur faoin dul chun cinn a rinneadh ar an oileán seo ó cuireadh Comhaontú Aoine an Chéasta i gcrích agus cuidíonn siad chun an t-oileán ar fad a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.”