Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Tánaiste bródúil as toghadh stairiúil na hÉireann ar Chomhairle na NA um Chearta an Duine

Chuir an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Gilmore, T.D., fáilte roimh thoghadh na hÉireann den chéad uair mar bhall de Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, príomhfhoras um chearta an duine na NA. Troideadh go láidir an toghchán seo agus is léiriú é go bhfuil formhuiniú ollmhór ag seasamh idirnáisiúnta na hÉireann anois, go háirithe, ár dtacaíocht do chearta an duine ar fud an domhain.     

Tar éis an vóta a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe inniu, áit ar toghadh Éire ar an gcéad chomhaireamh, dúirt an Tánaiste:

"Táim ríméadach agus mórtasach gur toghadh Éire ar Chomhairle um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe ar feadh na tréimhse 2013-15. Is mar thoradh ar fheachtas fada é seo a troideadh go láidir agus muid thuas i gcoinne ceithre cinn de na hiomaitheoirí is naimhdí inár ngrúpa agus ba mhaith liom tréaslú freisin leis na Stáit Aontaithe agus leis an nGearmáin as iad a thoghadh freisin.    

Is comhartha onóir agus pribhléide é ballraíocht na Comhairle d'Éirinn.  Is dearbhú é ar an gclú láidir atá orainn anois i réimse na tacaíochta do chearta daonna idirnáisiúnta.  Ar bhonn níos leithne, léiríonn sé an muinín atá in Éirinn mar bhall de na NA agus mar sheaimpín cróga na luachanna atá mar bhonn taca ag na NA. Le linn ár dtréimhse ar an gComhairle sna chéad trí bliana seo amach romhainn beidh deis againn ról i bhfad níos gníomhaí a bheith againn i gcur chun cinn agus i gcosaint cearta daonna ar fud an domhain agus rannchuidiú ar leith a dhéanamh leis an iarracht sin.

Agus Éire tofa chuig an gComhairle, d'aithin ballraíocht an Chomhthionóil Ghinearálta go bhfuil ceangal láidir againn leis na NA, aithníodh ár n-iarrachtaí chun cearta daonna a fheabhsú ar fud an domhain agus ár dtiomantas cúnamh forbartha idirnáisiúnta a thabhairt trí Chúnamh Éireann. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na tíortha sin go léir a roghnaigh vótáil ar son bhallraíocht na hÉireann ar an gComhairle inniu. Is lá iontach é seo d'Éirinn agus do na luachanna is dil dúinn.

Cuirfear tús le téarma trí bliana na hÉireann ar an gComhairle an 1 Eanáir 2013, an lá céanna a ghlacfaidh Éire leis an Uachtaránacht ar an Aontas Eorpach agus tabharfar Cathaoirleacht na hEagraíochta um Shlándáil agus Chomhoibriú san Eoraip ar láimh.  Bhí an toghchán mar thoradh ar dhian-iarrachtaí daonlathacha ag na Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrac agus i bpríomhchathracha ar fud an domhain.  Léirítear leis go háirithe na hiarrachtaí faoi stiúir an Tánaiste stocaireacht a dhéanamh ar a chomhghleacaithe sa Dáil, go mór mór ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair. 
Léiríonn an 124 vóta a fuair Éire láidreacht agus fairsinge na tacaíochta a fuair Éire ó bhallraíocht na Náisiún Aontaithe. Beidh fócas na hÉireann ar an gComhairle, an foras idirnáisiúnta is tábhachtaí do chearta an duine, ar roinnt saincheisteanna.  Ina measc beidh an cás cearta daonna i dtíortha aonair; saoirse cainte, lena n-áirítear saoirse reiligiúin agus saoirse na meán, go háirithe an t-idirlíon; chomh maith le cearta an duine agus athrú aeráide.  Beidh cearta LGBTI mar ghné thábhachtach freisin d'obair na hÉireann ar an gComhairle.