Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógraíonn an Tánaiste gradaim do 72 tionscadal athmhuintearais agus frith-sceimhlitheoireachta

D’fhógair an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Gilmore T.D., inniu go bhfuil gradaim maoinithe deireadh bliana le bronnadh ar 72 eagraíocht phobail agus tógáil-síochána ó thuaidh agus ó theas ó Chistí Athmhuintearais agus Frith-Sceimhlitheoireachta an Rialtais. 

Ag fógairt an mhaoinithe, dúirt an Tánaiste:

“Is sochaí dheighilte fós é Tuaisceart Éireann. Chonaiceamar an baol go dtarlóidh gníomh sceimhlitheoireachta arís an samhradh seo, mar sin is léir, in ainneoin an dul chun cinn mór a rinneadh ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, go bhfuil dúshláin fós ann.

Táimid ag tacú leis na tionscadail seo chun an lámh in uachtair a fháil ar fhadhb na sceimhlitheoireachta agus chun athmhuintearas a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann chomh maith le caidrimh phobail a láidriú ar fud oileán na hÉireann. Táim buíoch do na grúpaí agus do na daoine aonair a dhéanann an obair thábhachtach sin. Tá sé chomh tábhachtach anois is a bhí riamh go dtacóimis lena gcuid iarrachtaí.”

Tacaíonn na gradaim seo le tionscnaimh atá á ndéanamh ag raon leathan eagraíochtaí agus daoine aonair a chuir athmhuintearas agus frith-sceimhlitheoireacht mar phrionsabail lárnacha dá gcuid oibre. I measc na ndaoine a fuair na gradaim bhí daoine a bhí ag obair sa líne tosaigh i bpobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste i dTuaisceart Éireann agus sna contaetha ar an teorainn, iad sin a bhfuil baint acu le for-rochtain trasphobail agus ó thaobh gníomhaíochtaí agus imeachtaí cultúir agus cuimhneacháin eile a eagrú.

Note for Editors:

Mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta, gheall rannpháirtithe “imscrúdú dearfach a dhéanamh ar an gcás le haghaidh cúnamh airgeadais níos mó a thabhairt d’obair athmhuintearais.”.  Is é buiséad na bliana seo €2.7 milliún - cumhdaíonn sé seo an Ciste Athmhuintearais agus an Ciste Frith-Sceimhlitheoireachta.  Ó 1999 i leith, roinn an dá Chiste eatarthu €30 milliún amach ar 1,000 tionscadal in obair athmhuintearais.

I measc samplaí de na cineálacha tionscadal a fuair tacaíocht ón gCiste Athmhuintearais agus Frith-Sceimhlitheoireachta, bhí siad seo a leanas:

·         Ionad Óige Clann Éireann i Lurgan, as a chlár óige trasphobail á reáchtáil i gcomhar le Lurgan Youth Annexe, ina dtugtar aghaidh ar shaincheisteanna sceimhlitheoireachta agus claontachta.

·         Leabharlann Cuimhneacháin an Chairdinéil Ó Fiaich in Ard Mhacha chun digitiú a dhéanamh ar roinnt taifeadtaí analógacha ina bhailiúcháin.  Is é an tUrramach Louis O’Kane a rinne na taifeadtaí sin agus bhí cainteanna iontu leis an dream a bhí sáite sa choimhlint ar son neamhspleáchais idir 1913 agus 1921. Ina theannta sin, tá sé i gceist sa Leabharlann bunachar sonraí Rochtana forleathan, crostagartha a chruthú agus na taifeadtaí a bheith ar fáil níos forleithne sa tréimhse roimh chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916.

·         Grúpa Forbartha agus Aistrithe Phobal Thuaisceart Bhéal Feirste, bunaithe i Tiger’s Bay i dtuaisceart Bhéal Feirste, as an obair a dhéanann siad chun oibriú le pobail áitiúla agus teannais san idirphlé a laghdú. Tionscnamh Lár Cathrach i nDoire atá ag obair chun lár na cathrach a dhéanamh sábháilte agus cairdiúil a mbeidh rochtain air ag cách.  Leis an Tionscnamh Lár Cathrach tá caidrimh láidre cothaithe le gach pobal sna limistéir comhéadain agus tugadh aird go háirithe ar thuiscint agus glacadh a chur chun cinn i gcomhthéacs paráidí, féilte agus imeachtaí ard-phróifíle eile lena n-áirítear Cathair Chultúir na RA 2013 Doire.

Tá na tionscadail atá ceadaithe i gcomhair maoinithe leagtha amach thíos:

Eagraíocht

Ciste

Méid a Moladh

APAC Ireland

RF

9,000

Ards Borough agus North Down Advice Centre

ASF

5,000

Arts for All

RF

18,000

Bready & District Ulster Scots

ASF

15,000

Bright Brand New Day

RF

20,000

British Irish Association

RF

20,000

British Irish Rights Watch

RF

5,000

CAIN Web Service, INCORE, Ollscoil Uladh

RF

40,000

Cardinal Tómas Ó Fiach Memorial Library

RF

22,500

Church of Ireland Diocese of Derry & Raphoe

RF

18,000

Citizens of Senior Years (COSY Club)

RF

4,000

City Centre Initiative

RF

10,000

City of Belfast YMCA

RF

7,000

Clann Eireann Youth Club

ASF

50,000

Clonard Reconciliation Mission

RF

7,500

Community Relations in Schools

ASF

20,000

Cookstown & District Women's Group

RF

10,000

Co-operation Ireland

RF

90,000

Corpus Christi Youth Centre

RF

18,000

Culture Company 2013 Ltd

RF

18,000

Donagh Community Choir

RF

3,000

Fellowship of Messines Association

ASF

25,000

Forum for Alternative Belfast CIC

RF

8,000

Foyle Women's Information Network

RF

9,000

Friends Forever Europe

RF

12,500

An Gaeláras

RF

20,000

Gasyard Development Trust

RF

8,000

Glaslough Development Association

RF

15,000

Glencree Centre for Peace and Reconciliation

RF

195,000

Harryville Partnership Initiative

RF

4,000

Holy Family Youth Centre

RF

9,000

Institute for British Irish Studies

RF

30,000

Irish Association for Cultural Economic & Social Relations

RF

4,000

Karen McCarthy

RF

4,000

Kids in Control

RF

9,000

Leafair Community Association

ASF

9,000

Leckagh Neighbourhood Group

ASF

3,000

Ligoniel Family Centre

RF

8,000

Live Music Now Ireland

ASF

9,000

Lower Shankill Community Association

RF

9,700

Malgrove Community Interest Company

ASF

5,000

Markets Development Association

RF

5,000

Music Generation Louth

RF

9,000

Newtowncunningham Community Development Initiative Ltd

RF

12,000

North Belfast Community Development & Transition Group

RF

9,700

North West Play Resource Centre (The Playhouse)

RF

10,000

Northern Ireland Centre for Trauma & Transformation Trust

RF

8,000

Northern Ireland Council for Integrated Education

RF

20,000

Northside Partnership

RF

22,600

PeacePlayers International NI

RF

20,000

Public Achievement

RF

20,000

REACH Across

RF

8,400

REACT

ASF

5,300

Saint Patrick Centre

RF

18,000

Saints Youth Centre

RF

15,000

Shared History Interpretive Project (S.H.I.P.)

RF

6,000

Smashing Times Theatre Company- Ceardlanna

ASF

10,000

South Lough Neagh Regeneration Association

ASF

8,000

South Wind Blows

RF

30,000

Speedwell Trust

RF

20,000

Spirit of Enniskillen Trust

ASF

30,000

St Bernadette's Primary School

RF

7,000

St Columbs Park House

ASF

15,000

St John's Youth Centre

RF

9,000

St Louis House

RF

9,000

St Peter's Immaculata Youth Centre

ASF

9,000

Teach na nDaoine

RF

20,000

Tiger's Bay Men's Group

RF

800

Training for Women Network

RF

25,000

Ulster Historical Foundation

RF

4,000

Upper Ardoyne Community Partnership

ASF

4,000

YouthAction NI

ASF

35,000

IOMLÁN

 

€1,236,000