Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Mhisean trádála Fhiontraíocht Éireann go dtí an Afraic Theas

Cuireann an tAire Costello fáilte roimh rath na gcuideachtaí Éireannacha a bhí ar mhisean trádála Fhiontraíocht Éireann go dtí an Afraic Theas 

    Éiríonn le cuideachtaí Éireannacha os cionn €6 mhilliún a bhaint amach i ndíolacháin onnmhairithe nua san Afraic Theas

D’éirigh le cuideachtaí Éireannacha a bhí rannpháirteach i misean trádála Fhiontraíocht Éireann na seachtaine seo go dtí an Afraic Theas, faoi stiúir an Aire do Thrádáil agus Forbairt, Joe Costello, T.D., conarthaí nua a bhaint amach ar fiú os cionn €6 mhilliún ar an iomlán iad agus aontaíodh comhaontais shuntasacha gnó ar fud raon earnálacha gnó.  Sheol an tAire Costello freisin dhá phainéal a bhfuil saineolas acu maidir leis an tionscal a thacóidh le cuideachtaí Éireannacha atá ag féachaint le gnó nua a fháil san Afraic Theas sna hearnálacha seirbhísí airgeadais agus teileachumarsáide.  Cuireann na fógraí sin bonn taca faoi na deiseanna fáis atá ag cuideachtaí Éireannacha i margadh na hAfraice Theas atá an-tábhachtach, margadh a bhfuil tosaíocht aige faoi Straitéis Trádála an Rialtais, agus meastar gurb é freisin an geata chuig an Afraic fho-Shahárach. 

Bhí an misean trádála ina raibh 35 cuideachta rannpháirteach, a bhí dírithe go príomha ar earnálacha TFC, oideachas idirnáisiúnta agus earnálacha seirbhísí airgeadais, á eagrú ag Fiontraíocht Éireann i ndlúthchomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus le hAmbasáid na hÉireann in Pretoria.

Cuimsíodh i sceideal dian trí-lá an Aire cúig mhórimeacht líonraithe le gnóthaí as an Afraic Theas agus as Éirinn agus le príomhtheagmhálaithe eile, chomh maith le 16 chruinniú cuideachta aonair le cuideachtaí Éireannacha agus lena gcomhpháirtithe agus custaiméirí san Afraic Theas.  Bhí an tAire Costello páirteach freisin i sraith cruinnithe ardleibhéil le roinnt de chuideachtaí móra na hAfraice Theas inar cuireadh acmhainneachtaí agus láidreachtaí na gcuideachtaí Éireannacha i bpríomhearnálacha chun cinn.

Rinne an tAire Costello cur síos ar an misean trádála mar rud a bhí an-tábhachtach ó thaobh ceangail thrádála agus eacnamaíocha na hÉireann a ghéarú sa réigiún, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do na haidhmeanna sa Straitéis i leith na hAfraice de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. 

“D’éirigh go han-mhaith leis an misean seo ó thaobh an gnó a fuarthas agus ó thaobh gnóthaí a chur in aithne agus teagmhálacha a dhéanamh.  Is iontach an rud é a fheiceáil chomh maith is atá ag éirí le cuideachtaí Éireannacha gnó nua a fháil san Afraic Theas.  D’oscail Fiontraíocht Éireann oifig nua in Johannesburg i mí Feabhra na bliana seo agus gníomhaíonn sé mar mhol chun tacú le cuideachtaí Éireannacha a gcaidrimh thrádála agus díolacháin onnmhairithe a mhéadú san Afraic Theas agus sa mhargadh níos leithne san Afraice fho-Shahárach ina bhfuil os cionn 900 milliún duine.  Tá mo Roinn, an Líonra Ambasáide agus Fiontraíocht Éireann ag obair go dlúth le chéile lena chinntiú go leanann onnmhairithe na hÉireann chuig na margaí seo atá ag éirí níos tábhachtaí i gcónaí ag fás, ar aon dul le haidhmeanna Straitéis i leith na hAfraice mo Roinne agus le Straitéis Trádála foriomlán an Rialtais.

 I measc na gconarthaí agus na gcomhaontas a comhaontaíodh bhí siad seo a leanas:

-      D’aontaigh an Digital Marketing Institute comhpháirtíocht leis an Vega School of Brand Leadership ina bhfeicfear os cionn 3,000 mac léinn tabhairt faoi oiliúint mhargaíochta digití san Afraic Theas.  Cuirfidh Vega School Dioplóma Gairmiúil sa chlár Margaíochta Digití de chuid an Digital Marketing Institute ar fáil.  Tá sé réamh-mheasta ag an Institiúid go nginfidh margadh na hAfraice Theas ioncam níos mó €3m faoin mbliain 2015.

-      Shínigh an Now Factory conradh nua le Vodacom dá réiteach Mobile Moments Vantage, rud a chuirfidh ar chumas an oibreora atá bunaithe san Afraic Theas feidhmíocht a líonra sonraí a thomhas go cruinn i bhfíor-am agus taithí an chustaiméara dá 31 milliún síntiúsóir a optamú.

-      Shínigh Druid Software, cuideachta forbartha bogearraí líonraí soghluaiste na hÉireann, Meabhrán Tuisceana le Jasco, an soláthraí ar réitigh chomhtháite TFC le húinéireacht san Afraic Theas féin, d’fhonn réitigh Comhtháite Móibíleacha Socraithe a sholáthar do chustaiméirí fiontraíochta san Afraic fho-Shahárach. 

-      Thionscain an tAire Costello freisin Sainphainéil Fhiontraíocht Éireann i Seirbhísí Airgeadais agus Teileachumarsáide chun cabhrú le cuideachtaí Éireannacha sna hearnálacha seo a láithreacht ghnó a mhéadú agus conarthaí onnmhairithe nua a fháil i margadh na hAfraice Theas atá ag dul i méid.  Is saineolaithe tionscail san Afraic Theas atá sna sainphainéil seo a bhfuil saineolas forleathan agus eolas acu ar institiúidí margaidh agus tionscail.  Cuirfidh siad tacaíocht phleanála straitéisí ar fáil, agus tabharfar comhairle agus cuirfear in aithne cuideachtaí Éireannacha ar mian leo a ngnó a chur ar bun nó a leathnú sa mhargadh.   

Dúirt Kevin Sherry, Ceann na nDíolachán Idirnáisiúnta agus Comhpháirtíochta i bhFiontraíocht Éireann, atá in éineacht leis an Aire Costello ar an misean trádála:

“D’éirigh go hiontach le cuideachtaí Éireannacha ar an misean trádála. Tá siad ag baint cáil láidir amach dóibh féin as táirgí agus seirbhísí Éireannacha, ag dearbhú go bhfuil deiseanna suntasacha ann trádáil agus comhpháirtíochtaí níos mó a dhéanamh idir cuideachtaí Éireannacha agus as an Afraic Theas.  Tá an fás margaidh in earnálacha ina bhfuil cliantchuideachtaí Fhiontraíocht Éireann go háirithe láidir, lena n-áirítear teileachumarsáid, ríomhfhoghlaim, teicneolaíocht seirbhísí airgeadais agus eolaíochtaí saoil.  Leanfaidh Fiontraíocht Éireann ag tabhairt gach tacaíocht do chuideachtaí Éireannacha tuilleadh gnó a fháil sa réigiún”.

Tar éis an misean trádála, tá an tAire ag freastal inniu ar Fhóram Comhpháirtíochta na hÉireann-na hAfraice Theas in Cape Town chun cainteanna a stiúradh le Rialtas na hAfraice Theas maidir le trádáil agus turasóireacht a mhéadú idir an dá thír. Ar an gclár freisin beidh forbairtí polaitiúla san Afraic agus todhchaí chomhpháirtíocht comhair um fhorbairt na hÉireann leis an Afraic Theas. Dúirt an tAire Costello:

“Cuirfidh mé Rialtas na hAfraice Theas ar an eolas maidir le hUachtaránacht na hÉireann ar an AE a bheidh ar siúl go luath agus na tosaíochtaí polaitiúla ar a bhfuil sé i gceist againn díriú, lena n-áirítear forbairtí sa tSiombáib.  Tapóidh mé an deis freisin chun eolas a thabhairt ar an obair atá ar bun ag an Rialtas agus ag muintir na hÉireann chun teacht slán as géarchéim eacnamaíoch limistéar an Euro.”