Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Costello ag stiúradh Misean Trádála Fhiontraíocht Éireann chuig an Afraic Theas

Iarracht ollmhór ar bun chun fás leanúnach a chothú in onnmhairithe na hÉireann chuig an Afraic Theas

Tá an tAire do Thrádáil agus Forbairt, Joe Costello T.D., ag stiúradh Misean Trádála Fhiontraíocht Éireann chuig an Afraic Theas an tseachtain seo lena mbeidh baint ag 35 cuideachta as Éirinn. Tá sé mar aidhm leis an Misean Trádála onnmhairithe na gcuideachtaí Éireannacha chuig an margadh seo a leathnú tuilleadh agus tógáil ar an bhfás láidir a baineadh amach anuraidh.  Mhéadaigh cliantchuideachtaí Fhiontraíocht Éireann a ndíolacháin san Afraic Theas 29% go dtí os cionn €100m in 2011, agus táthar ag súil le fás den chineál céanna in 2012.

Bliain i ndiaidh bliana, tá níos mó agus níos mó cuideachtaí Éireannacha san Afraic Theas, an mol geilleagrach agus an teach cumhachta réigiúnach don Afraic fho-Shahárach.  Is í an Afraic Theas an bealach rochtana chuig an margadh seo ina bhfuil os cionn 900 milliún duine.  Is gné riachtanach d’obair an Rialtais é an Misean Trádála seo d’fhonn onnmhairithe a mhéadú ar aon dul lena Straitéis Trádála. Tá sé lárnach freisin ó thaobh Straitéis i leith na hAfraice na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, a bhfuil sé mar aidhm léi naisc thrádála a fhorbairt tuilleadh agus onnmhairithe na hÉireann chuig an Afraic Theas a mhéadú agus chuig réigiún níos forleithne an fho-Shaháraigh. 

I mí Feabhra na bliana seo, d’oscail Fiontraíocht Éireann oifig nua in Johannesburg a ghníomhaíonn mar mhol chun tacú le cuideachtaí Éireannacha a gcaidrimh thrádála agus díolacháin onnmhairithe a mhéadú san Afraic Theas agus ar fud an réigiúin fho-Shaháraigh go léir.  Tá os cionn 180 cliantchuideachta de chuid Fhiontraíocht Éireann ag onnmhairiú chuig an Afraic Theas anois, agus tá 30 cuideachta as Éirinn ansin ar an talamh ag fostú os cionn 13,000 de mhuintir na háite.  

Tá an Misean Trádála, ina ndírítear go príomha ar earnálacha TFC, oideachas idirnáisiúnta agus ar earnálacha seirbhísí airgeadais, á eagrú ag Fiontraíocht Éireann i ndlúthchomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus le hAmbasáid na hÉireann in Pretoria.  Ag labhairt dó roimh imeacht dó dúirt an tAire Costello: 

“Tá tábhacht chriticiúil le Misin Thrádála chuig príomh-mhargaí fáis cosúil leis an Afraic Theas, a aithnítear mar mhargadh tosaíochta faoi Straitéis Trádála an Rialtais, ó thaobh cur le naisc reatha agus doirse nua a oscailt le haghaidh onnmhairithe méadaithe agus comhfhiontair chomhoibritheacha gnó.  Sin é an bealach atá againne a chinntiú go dtacaítear le cuideachtaí Éireannacha ar gach bealach chun fás a dhéanamh, a gcuid onnmhairithe a mhéadú agus, margaí nua a oscailt.   Tacaíonn fás i dtrádáil agus in infheistíocht mar gheall ar Mhisin Thrádála le poist in Éirinn agus is cuid thábhachtach é de Straitéis Trádála an Rialtais agus den Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Post.

Is cúis dóchais ar ndóigh do ghnóthaí Éireannacha an méadú leanúnach atá ar fhigiúirí onnmhairithe dúchasacha chuig margadh na hAfraice Theas, rud a léiríonn arís eile mar atá ag éirí le cuideachtaí Éireannacha gnó onnmhairithe nua a bhaint amach i margaí ar fud an domhain mhóir. Tá dóchas daingean agam go dtógfaidh an Misean Trádála seo ar an gcaidreamh atá ag dul i méid leis an Afraic Theas, agus an chuid eile den Afraic Fho-Shahárach, agus go gcabhróidh sé chun an cumas ollmhór atá ann tuilleadh trádála a dhéanamh idir an dá thír a rachaidh chun tairbhe gnó na hÉireann go háirithe a nochtadh. Tá Ambasáid na hÉireann san Afraic Theas agus Fiontraíocht Éireann réidh chun cuidiú le cuideachtaí Éireannacha chuige sin.

Faoin Straitéis i leith na hAfraice, táimid ag cur béime níos fearr ar thacú le timpeallachtaí gnó agus fiontair níos fearr inár dtíortha comhpháirtíochta agus táimid ag obair trí líonra na hAmbasáide chun trádáil agus infheistíocht dhá-threo a leathnú idir Éirinn agus tíortha san Afraic. I ndiaidh mo chuairte ar an Afraic Theas rachaidh mé go Gána agus go dtí an Nigéir ar chuairteanna a bhaineann le trádáil”.

Dúirt Ceann na nDíolachán Idirnáisiúnta agus Comhpháirtíochta i bhFiontraíocht Éireann, Kevin Sherry, atá ag dul in éineacht leis an Aire Costello ar an turas: 

“Is caoithiúil agus is iontach an deis é an Misean Trádála seo do chuideachtaí Éireannacha atá ag iarraidh a ngnó a leathnú san Afraic Theas agus sa réigiún Fo-Shahárach níos leithne.  Is ar éigean atá aon fhorbairt déanta ar an margadh seo go fóill agus tá cumas mór millteach ann do chuideachtaí uaillmhianacha as Éirinn iad féin a bhunú agus onnmhairithe a fhás ar an margadh seo atá ag méadú.

Léirítear go soiléir leis an bhfás leanúnach ar onnmhairithe Éireannacha isteach san Afraic Theas go bhfuil deiseanna suntasacha ann trádáil agus comhpháirtíochtaí níos mó a dhéanamh idir cuideachtaí as Éirinn agus as an Afraic Theas.  Tá an fás margaidh in earnálacha ina bhfuil cliantchuideachtaí Fhiontraíocht Éireann go háirithe láidir, lena n-áirítear teileachumarsáid, ríomhfhoghlaim, teicneolaíocht seirbhísí airgeadais agus eolaíochtaí saoil.  Táimid muiníneach go dtarlóidh tuilleadh fáis agus rath gnó mar gheall ar an Misean Trádála seo agus mar gheall ar an iarracht shuntasach atá á déanamh faoi láthair sa mhargadh ag cuideachtaí Éireannacha.”

Le linn na cuairte beidh sraith cruinnithe ag an Aire Costello in Johannesburg agus Cape Town le cuideachtaí Éireannacha agus lena gcomhpháirtithe agus custaiméirí san Afraic Theas, agus beidh sraith imeachtaí ann ina gcuirfear acmhainneachtaí agus láidreachtaí na gcuideachtaí Éireannacha i bpríomhearnálacha chun cinn.