Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Tánaiste le bheith páirteach in imeachtaí Dhomhnach an Chuimhneacháin i mBéal Feirste

Tabharfaidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Éamon Gilmore, T.D., cuairt ar Ard Mhacha ar an Satharn agus an Domhnach an 10 agus 11 Samhain.

Tabharfaidh an Tánaiste aitheasc do Chomhdháil Pháirtí an SDLP ar chuireadh ó cheannaire an pháirtí an Dr Alasdair McDonnell in Ard Mhacha tráthnóna Dé Sathairn.   Rachaidh sé go Béal Feirste ansin chun freastal agus a bheith rannpháirteach in imeachtaí Dhomhnach an Chuimhneacháin a bheidh á n-óstáil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.  Tabharfaidh an Tánaiste cuairt freisin ar Iarthar Bhéal Feirste chun bualadh le grúpaí pobail áitiúla a bhfaigheann an obair athmhuintearais a dhéanann siad tacaíocht ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, ón gCiste Idirnáisiúnta d’Éirinn agus ón AE.

Buailfidh an Tánaiste le Cathaoirleach an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn, an Dr Adrian Johnston agus le hionadaithe na bpobal a chuimsíonn Comhpháirtíocht Duncairn Gardens agus tabharfaidh sé cuairt ar Bhalla Síochána Duncairn Gardens ag Alexandra Park.

Freastalóidh an Tánaiste níos déanaí ar Chomórtas Uile-Oileáin Chóir na Scoileanna a fhaigheann urraíocht ó Cooperation Ireland agus RTÉ agus a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Athmhuintearais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Bronnfaidh sé féin agus an LeasChéad-Aire Martin McGuinness an duais ar an gcór a mbeidh an lá acu.

Is deis a bheidh sa chuairt ar Ard Mhacha aitheantas a thabhairt don obair thar cionn atá déanta ag an SDLP ar mhaith le cúrsaí síochána agus athmhuintearais ar an oileán seo agus an caidreamh dlúth idir Rialtas na hÉireann agus an SDLP a athbheochan de réir mar a thugaimid aghaidh ar chéim nua i dTuaisceart Éireann ag tógáil ar rath Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Is deis a bheidh sa chuairt ar Bhéal Feirste bonn taca a chur faoi thacaíocht Rialtas na hÉireann don athmhuintearas i dTuaisceart Éireann.  Is é an Tánaiste an chéad Aire as Rialtas na hÉireann a bheidh rannpháirteach i seirbhís Dhomhnach an Chuimhneacháin i mBéal Feirste. 

Nóta d’eagarthóirí:

Clár an Tánaiste

Dé Sathairn, 10 Samhain 2012

8in                       Aitheasc ag Dinnéar Chomhdháil Bhliantúil an SDLP, Armagh City Hotel

Dé Domhnaigh 11 Samhain 2012

10.30 – 12.30      Freastal ar imeachtaí Dhomhnach an Chuimhneacháin ag Halla na Cathrach, lena n-áirítear searmanas fleascleagain ag Cenotaph

13.00                     Ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich Lárionad teanga agus cultúir na Gaeilge

14.00                     Cuairt ar Bhalla Síochána Duncairn Gardens, Alexandra Park

18.00                     Comórtas Uile-Oileáin Chóir na Bliana do Scoileanna, Ionad an Titanic

Chun tuilleadh eolais a fháil téigh i dteagmháil le Amanda Bane ag 087 6837205.