Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Iarrann an Tánaiste go gcuirfí deireadh leis an bhforéigean in Gaza

Cháin an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Gilmore, T.D., an foréigean atá imithe in olcas i ndeisceart Iosrael agus Gaza ina bhfuil saol saoránach Iosraelach agus Palaistíneach á chur i mbaol.  Dúirt an Tánaiste:

“Mar gheall ar an mbabhta foréigin seo le déanaí anuas, a tharla de bharr ionsaithe leanúnacha roicéid ar bhailte in Iosrael agus a chuaigh in olcas nuair a maraíodh ceannaire sinsearach de chuid Hamas, d’fhéadfaí tuilleadh saoránach Iosraelach agus Palaistíneach nach bhfuil aon bhaint acu leis an scéal a mharú agus iad a bheith ag fulaingt dá mbarr.  Is maith is léir dúinn ar fad an baol a bhaineann le tuilleadh foréigin ar aon taobh. Spreagaim an dá thaobh deireadh a chur láithreach leis na hionsaithe agus fáil réidh leis an mbagairt a dhéanann siad ar shaol agus ar shábháilteacht daoine soineanta nach bhfuil aon bhaint acu leis an scéal.