Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Airí Eachtracha an AE chun cúrsaí atá ag dul in olcas idir Iosrael agus Gaza a phlé

Beidh an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Gilmore, T.D., sa Bhruiséil amárach (Dé Luain 19 Samhain) le haghaidh cruinnithe le hAirí Eachtracha an AE.  

Is é an phríomhrud a bheidh ar an gclár ná an cás atá ag dul in olcas idir Iosrael agus Gaza.  Déanfaidh na hAirí a machnamh ar na céimeanna a bheidh le tógáil chun cabhrú le deireadh a chur leis an bhforéigean agus tús in athuair a chur le Próiseas Síochána an Mheánoirthir. 

Ag labhairt dó roimh an gcruinniú dúirt an Tánaiste:

“Tá imní mhór orm faoi chúrsaí faoi láthair agus an baol go dtarlóidh tuilleadh trioblóide. Tá saoránaigh nach bhfuil neart ar bith acu ar an gcás – ar an dá thaobh – sáite sa choimhlint agus cuid mhaith díobh básaithe agus gortaithe.  Féachfaidh an AE chuig gach páirtí atá bainteach leis an scéal chun tuilleadh trioblóide a sheachaint agus sos comhraic a mhairfidh a leagan síos.”

Maidir leis an tSiria, táthar ag súil go gcuirfidh na hAirí Eachtracha fáilte roimh an gcomhaontú ar tháinig grúpaí freasúra na Siria air in Doha an 11 Samhain chun Comhrialtas Náisiúnta um Fhórsaí Freasúra na Siria a bhunú.  Athdheimhneoidh siad freisin an t-éileamh atá á dhéanamh acu deireadh a chur láithreach leis an bhforéigean agus tacaíocht iomlán a thabhairt do na hiarrachtaí atá faoi stiúir na NA chun réiteach polaitiúil a fháil ar an gcás.  Déanfaidh Airí imscrúdú ar mhéadú breise a chur ar chabhair dhaonnúil an AE mar gheall ar chúrsaí a bheith ag dul in olcas ar an talamh agus mar gheall ar an ngeimhreadh a bheith ag teannadh leo.

Cuirfidh Airí plé straitéiseach ar bun ar chaidrimh an AE leis an Úcráin tar éis na dtoghchán parlaiminte ansin an 28 Deireadh Fómhair.