Cuireann Ambasadóirí Nua Dintiúirí i Láthair
14 November 2012Cuirfidh a nOirircis, Ambasadóirí Phoblacht na hOstaire, Phoblacht Chósta Ríce agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a gcuid Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin ag Áras an Uachtaráin inniu.
A Shoilse An tUasal Thomas Nader, Ambasadóir Phoblacht na hOstaire, in éineacht lena bhean chéile, an tUasal Ingrid Thorbjørnsrud, agus leis an Uasal Ralf Hospodarsky, Comhairleoir Aireachta ag an Ambasáid.
A Soilse An tUasal Pilar Saborio de Rocafort, Ambasadóir Phoblacht Chósta Ríce, a bhfuil cónaí uirthi i Londain.
A Shoilse An tUasal Mustafa Mujezinović, Ambasadóir na Boisnia agus na Heirseagaivéine, a bhfuil cónaí air freisin i Londain, in éineacht lena bhean chéile, Emina, agus leis an Uasal Mensur Jusic, Comhairleoir Aireachta ag an Ambasáid.
Rinne an tUasal Alex White T.D., an tAire Stáit ag an Roinn Sláinte, ionadaíocht ar an Rialtas ag an searmanas.
Bhí siad seo a leanas i láthair freisin: An tUasal Adrian O’Neill, Ard-Rúnaí an Uachtaráin; an tUasal Barrie Robinson, Rúnaí Cúnta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; an tUasal Orla O’Hanrahan, Ceannasaí Prótacail, an tUasal Joe Brennan, Leas-Cheannaire Prótacail agus an tUasal Marion O’Donnell, Ceannaire Cúnta Prótacail, an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Fuair na hAmbasadóirí tionlacan chuig Áras an Uachtaráin agus ar ais as le Tionlacan Onóra ina raibh díorma gluaisrothair ón 2ú Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannas an Dara Leifteanant Criostóir Humphreys.
Tugadh an Garda Onóra ag Áras an Uachtaráin agus is trúpaí ón 6ú Cathlán Coisithe, ó 4ú Briogáid an Iarthair, Baile Átha Luain, faoi cheannas Leifteanant Paul Togher a bhí i láthair.
Ba é an Captaen Fergal Carroll a stiúir Banna 4 ú Briogáid an Iarthair.