Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Córas nua coinní dírithe ar scuainí a laghdú ag Oifig na bPasanna

Sheol an tSeirbhís Phasanna treoirthionscadal atá dírithe ar amanna feithimh a laghdú ag Oifig na bPasanna ar Shráid Theach Laighean i mBaile Átha Cliath.

Faoi láthair, is é an bealach is saoire agus is éifeachtaí iarratas ar phas a chur isteach ná trí Seirbhís na bPasanna Luais (comhfhiontar le An Post). Tugtar gealltanas do chustaiméirí a dhéanann iarratas trí Sheirbhís na bPasanna Luais go bhfaighidh siad pas, ach an t-iarratas a bheith comhlánaithe i gceart, taobh istigh de dheich lá oibre.

Mar sin féin, bíonn ar dhaoine uaireanta taisteal ar bheagán fógra agus tarlaíonn sé sin ar chúiseanna éagsúla.  Ón lá inné amach, is féidir le daoine a dteastaíonn pasanna uathu agus a chaithfidh taisteal taobh istigh de 10 lá coinne a dhéanamh anois le hOifig na bPasanna chun a n-iarratas ar phas a chur isteach ag am a oireann dóibh féin.

Chun coinne a dhéanamh logáil isteach ar www.passportappointments.ie 

Is treoirchlár é seo a mhairfidh ar feadh trí mhí agus le linn an ama sin lorgófar aiseolas in Oifig na bPasanna agus ar Twitter @DFATravel.  Úsáidfear aon aiseolas a gheofar chun an córas a leasú de réir mar is gá chun an buntáiste is mó a thabhairt don phobal.

Cuirfear síneadh le huaireanta oscailte an chuntair agus beidh coinní ar fáil idir 9rn agus 5in Luan go hAoine.