Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Seolann an tAire Joe Costello Clár Comhaltachta Kader Asmal san Afraic Theas

Sheol an tAire do Thrádáil agus Forbairt, an tUasal Joe Costello T.D., inniu Clár Comhaltachta Kader Asmal chun tacú le 10 mac léinn as an Afraic Theas staidéar a dhéanamh in Éirinn.

Faoin gclár comhaltachta, tacóidh Cúnamh Éireann leis na mic léinn as an Afraic Theas tabhairt faoi staidéar ar leibhéal Máistreachta nó Dioplóma Iarchéime in Éirinn an chéad bhliain eile. Tabharfaidh na mic léinn a n-éireoidh leo faoi staidéir i ndisciplíní a bhfuil tábhacht straitéiseach leo lena n-áirítear airgeadas, gnó, innealtóireacht, teicneolaíochtaí inbhuanaithe agus sláinte phoiblí agus cothú.  Ag seoladh na gcomhaltachtaí, dúirt an tAire Costello:  

“Tríd an gclár seo tá Cúnamh Éireann ag tabhairt aghaidh straitéiseach ar an nganntanas mór i lucht pearsanra atá oilte go hiomchuí. Aithnítear go gcuireann na ganntanais sin cosc ar an Afraic Theas a cumas forbartha iomlán a bhaint amach. Is cuid de chlár níos leithne forbairt scileanna agus tógáil cumais é an Clár Comhaltachta lena dtacaíonn Cúnamh Éireann chun fás geilleagrach uilechuimsitheach a chur chun cinn. 

Táim mórtasach freisin a aithint go bhfuil rannchuidiú mór millteach tugtha ag Kader Asmal nach maireann don Afraic Theas agus d’Éirinn agus is iontach an rud é an Clár Comhaltachta seo a ainmniú ina onóir.”

Bhí an tUasal Louise Asmal i dteannta an Aire Costello ag an seoladh. Mhúin an tOllamh Kader Asmal dlí ag Coláiste na Tríonóide ar feadh 27 bliain agus sainchumas aige i gcearta daonna, i saothar, agus i ndlí idirnáisiúnta. Bhunaigh sé an Ghluaiseacht Frith-Apartheid in 1963 agus d’fhónaimh sé mar Chathaoirleach air go dtí gur fhill sé ar an Afraic Theas in 1990. Bhí sé mar chuid den mheitheal ANC a phléigh an t-athrú chuig an daonlathas. In 1994, fuair sé an post mar Aire Gnóthaí Uisce agus Foraoiseachta sa chéad Rialtas ANC tar éis don daonlathas teacht ar an bhfód agus d’fhónaimh sé mar Aire Oideachais ó 1999 go dtí 2004. Fuair sé bás i mí an Mheithimh 2011.