Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cáineann an Tánaiste dúnmharú oifigeach príosúin i dTuaisceart Éireann

Déanaim cáineadh láidir ar dhúnmharú brúidiúil oifigeach príosúin a bhí ina shuí ina charr i dTuaisceart Éireann ar maidin. 

Ar mo shon féin agus Rialtas na hÉireann déanaim comhbhrón lena theaghlach atá croíbhriste inniu.

Labhair mé leis an gCéad-Aire Peter Robinson agus leis an LeasChéad-Aire Martin McGuinness chun ár gcomhbhrón a chur in iúl thar ceann an Rialtais dár gcomhghleacaithe i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann.   Labhair mé freisin le Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, Theresa Villiers. 

Tá a fhios agam go labhraím ar son gach fear, bean agus páiste macánta ar an oileán seo, ó Thuaidh agus ó Theas, agus mé ag léiriú alltacht maidir leis seo. 

Dúirt an tAire Ford go soiléir go bhfuil sé ar a dhícheall an dlí a chur ar na daoine atá freagrach.    Is mian liom a rá go bhfuil rún daingean againn freisin oibriú go dlúth agus go diongbháilte leis an PSNI lena chinntiú go dtarlóidh sé sin. 

Ní fhéadfar filleadh ar laethanta fuilteacha an tsaoil atá caite.  Tugann an bás tubaisteach atá feicthe againn maidin inniu le chéile muid agus muid trombhuartha faoinar tharla agus muid diongbháilte ag an am céanna saol níos fearr a chruthú amach anseo do chách.