Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tugann an Tánaiste Cuairt ar Gaza, Athnuaitear an Glao um Ardú an Imshuí

Tá an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUas. Éamon Mac Giollamóir, T.D., tar éis impí arís eile ar Iosrael a bheartas i ndáil le Gaza a athrú agus deireadh a chur lena imshuí ar an gcríoch.

Agus é ag labhairt le linn a chuairte go Gaza ag tús a thurais reatha go hIosrael agus na Críocha Palaistíneacha faoi fhorghabháil, shonraigh an Tánaiste:

“Ní haon ardú meanman í gur beag an t-athrú iarbhír a tharla i nGaza ó tháinig deireadh le hoibríochtaí slándála Iosraelacha i gcoinne Gaza trí bliana ó shin.”

“Cuireann an méid atá feicthe agam inniu le mo thuairim go bhfuil sé thar a bheith éagórach chomh maith le fritorthúil Gaza a chuir faoi réir na srianta seo, a gheilleagar a chúngú, agus a mhuintir a laghdú go staid iomlán spleáchais.”

“Beidh an staid i nGaza á phlé agam nuair a bhuailfidh mé le hionadaithe rialtais Iosrael sna laethanta le teacht agus beidh aird á tharraingt agam ar an ngá atá le deireadh a chur leis an imshuí agus dul chun cinn a dhéanamh i dtreo comhaontaithe síochána cuimsitheach. Tairgeann sé seo an modh is éifeachtaí chun aghaidh a thabhairt ar na héagothromais agus na fadhbanna tromchúiseacha a dtugann muintir Gaza agus an chuid eile de na críocha Palaistíneacha aghaidh orthu faoi láthair.“

“Teastaíonn uaim ómós a thabhairt do mhuintir Gaza mar nach bhfuil lagmhisneach tagtha orthu de dheasca na ndálaí atá orthu a sheasamh. Bhain mé sásamh ar leith as bualadh le hiliomad ógánach i nGaza inniu agus a chloisteáil uathu gur mian leo an deis a bheith acu leanúint lena gcuid oideachais agus todhchaí le dealramh éigin a chruthú dóibh féin i nGaza.”

Bhuail an Tánaiste níos luaithe inniu chomh maith le Filippo Grandi, Ard-Choimisinéir UNRWA (Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha) a d’éascaigh cuairt an Tánaiste.

“Tacadóir láidir i gcónaí riamh ba í Éire de chuid UNRWA, a bhfuil ról ríthábhachtach aici maidir le seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar do mhuintir Gaza agus do dhídeanaithe Palaistíneacha ar fud an réigiúin. Thug mé ómós don tiomantas ag foireann na Gníomhaireachta a oibríonn sna cúinsí is deacra, uaireanta á gcur féin i mbaol, ag soláthar oideachais, sláinte agus seirbhísí bunúsacha eile do mhuintir Gaza. Tá €12 milliún á sholáthar ag Éire chun tacú leis an obair seo atá á dhéanamh ag UNWRWA thar tréimhse trí bliana 2010 – 2012. Táim geallúint tugtha agam don Ard-Choimisinéir gur féidir leis brath ar ár dtacaíocht láidir leanúnach amach anseo.”