Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Éire le leas a bhaint as a taithí chun réiteach coinbhleachta agus saoirse sna meáin dhigiteacha

Éire le leas a bhaint as a taithí chun réiteach coinbhleachta agus saoirse sna meáin dhigiteacha a chur chun cinn le linn a cathaoirleacht ar an ESCE in 2012

Déanfaidh Cathaoirleacht 2012 na hÉireann ar an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (an ESCE) iarracht aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí fadtéarmacha, saoirse Idirlín a chur chun cinn agus comhar a neartú idir 56 Stát rannpháirteach an ESCE, a dúirt an Cathaoirleach nua in Seilbh Oifige, Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Mac Giollamóir, T.D., inniu.

“Tá dúshláin shlándála gan fasach ag tabhairt aghaidh ar an domhan, agus tá gá anois níos mó ná riamh leis an gcomhar iltaobhach a sholáthraíonn an ESCE. Tá Éire tiomanta do phríomhluachanna an ESCE a chomhlíonadh agus síocháin, slándáil agus meas a chur chun cinn i ndáil le cearta an duine agus riail an dlí sa réigiún Eora-Atlantach agus Eoráiseach.”

Thug an Tánaiste gealltanas cur leis na torthaí bainte amach ag Cathaoirleacht 2011 na Liotuáine ar an ESCE agus na cinntí glactha de láimh ag Comhairle Aireachta Vilnius i mí na Nollag, go háirithe i réimse um chosc coinbhleachta.  

“Is mian liom comhghairdeas ach go háirithe a ghabháil leis an Liotuáin as ucht filleadh rathúil na gcainteanna oifigiúla 5+2 sa phróiseas réitigh Transdniestria. Déanfaidh Éire iarracht cur leis an móiminteam seo trí thacú leis na próisis atá ann cheana féin, lena n-áirítear Grúpa Mionsc ar choinbhleacht Nagorno‑Karabakh agus Díospóireachtaí na Ginéive ag déileáil le coinbhleacht Lúnasa 2008 sa tSeoirsia. Bainfimid leas as ár gcuid taithí féin i ndáil le réiteach coinbhleachta i gcomhthéacs phróiseas síochána Thuaisceart Éireann chun na próisis seo a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na bpáirtithe uile a éascú. “ 

Chuir an Tánaiste fáilte freisin roimh chinntí a glacadh de láimh i Vilnius le neartú a dhéanamh ar chumas an ESCE déileáil le coinbhleachtaí, aghaidh a thabhairt ar bhagairtí trasnáisiúnta agus feabhas a chur ar rannpháirtíocht le Comhpháirtithe an ESCE um Chomhar, leis an Afganastáin san áireamh. 

Beidh saoirse tuairimíochta agus saoirse na meán sa ré dhigiteach ina bpríomhthosaíochtaí de Chathaoirleacht na hÉireann, a dúirt sé freisin. 

“Tá acmhainneacht an Idirlín chun daoine a chur ar an eolas agus a chumhachtú níos soiléire anois ná mar a bhí riamh. Ar an drochuair tá sé níos soiléire freisin go bhfuil fás ag teacht ar an mbagairt ar shaoirse tuairimíochta ar líne. Mar phríomhshuíomh Idirlín na hEorpa, tá Éire tiomanta go láidir do chearta an duine agus saoirsí bunúsacha sa ré dhigiteach a chosaint, agus tarraingeoidh ár gCathaoirleacht ar an ESCE neart airde ar an saincheist thábhachtach seo.” 

Cuirfidh an Tánaiste pleananna agus tosaíochtaí na hÉireann dá Cathaoirleacht ar an ESCE i láthair na Buanchomhairle i Vín ar 12 Eanáir.   

Tá a thuilleadh faisnéise le fáil ar laithreán gréasáin an ESCE ag http://www.osce.org/cio/

Nóta d’Eagarthóirí:

Is í an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip an príomhionstraim i ndáil le luathrabhadh, cosc coinbhleachtaí, bainistíocht ghéarchéime agus athshlánú iar-choinbhleachta san Eoraip, i Lár na hÁise