Gabhann an Tánaiste comhghairdeas le muintir na Cróite i ndáil leis an reifreann ar aontachas an AE
22 January 2012Ghabh an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUas. Éamon Mac Giollamóir, T.D., comhghairdeas um thráthnóna le muintir na Cróite as ucht glacadh le reifreann i ndáil le haontachas an AE.
“Inniu ghlac muintir na Cróite le cinneadh a athróidh cúrsa a dtíre go brách, agus athrú a chreidimse go láidir, a chuirfidh ar chúrsa a leasa í. Níos lú ná 20 bliain tar éis na coinbhleachta a scrios an iar-Iúgslaiv tá muintir na Cróite tar éis a dtír a atógáil ón léirscrios agus ón díláithriú a d’fhulaing sí agus anois is daonlathas liobrálach rathúil agus nua-aoiseach í.
Is iomaí athchóiriú dúshlánach atá curtha i bhfeidhm ag an gCróit ar a bealach chun aontachais an AE. Anois ní hamháin go gcuimsíonn sí barrshamhlacha agus luachanna an Aontais Eorpaigh, ach tá sí ina heiseamláir do thíortha eile na mBalcán Thiar agus iad siúd ag oibriú chomh maith i dtreo réadú a ndearcadh Eorpach.
Is léiriú muiníne san AE agus a thodhchaí chomh maith é an toradh dearfach. Is ábhar mórtais d’Éire agus do Bhallstáit eile an AE é nuair a chuirtear in iúl dóibh, ag an am deacair seo, gur ionchas tarraingteach é dár dtíortha comharsana a bheith ina mbaill den Aontas Eorpach.
Tá caidreamh cairdiúil idir Éire agus an Chróit. Tá an t-uafás le tairiscint againn dá chéile, i dtéarmaí ár gcaidrimh dhéthaobhach torthúil agus inár bhfeidhmeanna mar bhaill den Aontas Eorpach.
Táim ag tnúth le fáilte a chur roimh an Chróit mar an 28ú Ballstát AE in Iúil 2013 agus bheith ag oibriú leo de réir mar a bhogann an AE chun cinn go ré nua.”