Fáiltíonn an tAire Costello roimh fhigiúirí easpórtála dearfacha
18 January 2012Tá fáilte curtha ag an Aire Trádála agus Forbartha, Joe Costello, T.D., roimh fhigiúirí trádála eachtraí is déanaí na hÉireann, arna scaoileadh ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu. Shonraigh sé go bhfuil easpórtálacha ag leanúint ar aghaidh ar threocht dhearfach, ag méadú faoi 4% don chéad deich mí de 2011 nuair a chuirtear i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2010 iad.
Chuir an tAire fáilte ar leith roimh an méadú i dtrádáil le margaí níos nuaí cosúil leis an Afraic Theas agus an Araib Shádach. Shonraigh sé go raibh a réamhtheachtaí, an tAire Stáit Jan O’Sullivan, T.D., ina ceannaire ar mhisin trádála go dtí an dá thír sin sa dara leath de 2011. Dúirt an tAire:
“Tá an cur chun cinn ar earraí agus ar sheirbhísí Éireannacha thar lear trí mhisin trádála agus trí ghníomhaíocht tionscnaimh eile níos tábhachtaí anois ná mar a bhí riamh i gcomhthéacs an fháis bunaithe ar easpórtáil atá ríthábhachtach dár dtéarnamh geilleagrach. Táim ag tnúth le bheith i gceannas ar roinnt misean trádála go cuid dár bpríomh-mhargaí easpórtála in 2012.”
Dúirt an tAire freisin go bpléifear na figiúirí ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle um Thrádáil Easpórtála. Bunaíodh an Chomhairle chun cur chun feidhme Straitéis Trádála an Rialtais, Trádáil agus Infheistiú i nGeilleagar Cliste [Trading and Investing in a Smart Economy] a bhrú chun cinn.