Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An tAire Creighton le haitheasc a thabhairt ag Comhdháil Bloomberg ar Fhiachas Ceannasach

Tá an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Lucinda Creighton, T.D., i Nua-Eabhrac chun freastal ar Chomhdháil Bloomberg ar Fhiachas Ceannasach. Tá sé beartaithe ag an Aire an deis a thapa chun cuntas a thabhairt ar dhul chun cinn geilleagrach na hÉireann agus béim a leagadh ar an gcaidreamh trádála tábhachtach idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach.

Ag labhairt i Nua-Eabhrac, dúirt an tAire Creighton:

“Is cúis áthais dom é a bheith in ann páirt a ghlacadh san imeacht seo. Tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do shuntasacht an chaidrimh trádála ní hamháin idir Éire agus na Stáit Aontaithe ach idir an AE agus na SA chomh maith.

D’infheistigh cuideachtaí ón dá réigiún $2 trilliún i margaí a chéile anuraidh. Tá an scóip ann chun é seo a mhéadú níos mó. Mhéadódh beartas taraife nialais idir na SA agus an AE an OTI faoi thart ar $180 billiún i gcaitheamh 5 bliana, níos mó ná an acmhainneacht ó chonclúid rathúil na gcainteanna trádála DOHA”.

Agus í i Nua-Eabhrac thapaigh an tAire an deis freisin bualadh le teagmhálaithe sna Náisiúin Aontaithe agus i Stocmhalartán Nua-Eabhrac.