Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Cáineann an Tánaiste maruithe sa Nigéir

Tá an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUas. Éamon Mac Giollamóir T.D., tar éis buamáil na deireadh seachtaine i Kano, an dara cathair is líonmhaire sa Nigéir, a cháineadh gan chuntar, buamáil a mheastar atá tar éis os cionn 150 duine a mharú faoin tráth seo.  

Ghabh an Tánaiste a chomhbhrón le muintir na Nigéire agus go háirithe le teaghlaigh na ndaoine siúd a maraíodh nó a gortaíodh sna hionsaithe. Rinne an Tánaiste cur síos ar na hionsaithe mar “ghníomh gráinniúil agus meata um oll-dhúnmharú”.

Shonraigh sé go bhfuil a Roinn siúd an-bhuartha faoin staid sa Nigéir áit ina bhfuil grúpa bunchreidmhigh ‘Boko Haram’ tar éis a bhfeachtas foréigin a mhéadú le roinnt seachtainí anuas. 

“Tá tacaíocht an phobail idirnáisiúnta, lena n-áirítear Éire, ag Rialtas Phoblacht Chónaidhme na Nigéire le haghaidh a thabhairt ar sceimhlitheoireacht agus ar éadulaingt agus maidir le gach beart dlíthiúil a úsáid chun na coireanna tromchúiseacha seo a imscrúdú agus iad siúd atá freagrach a thabhairt chun ceartais.” 

Dúirt urlabhraí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála freisin go bhfuil comhairle taistil an Rialtais do shaoránaigh i ndáil leis an Nigéir á leasú chun na baoil mhéadaithe i gcodanna áirithe na tíre a áireamh.