Buaileann an Tánaiste le Rúnaí Stáit SA Hillary Clinton
06 December 2012Bhuail an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Gilmore, T.D., le Rúnaí Stáit SA, Hillary Clinton, ar maidin chun saincheisteanna déthaobhacha agus idirnáisiúnta a phlé.
Tharraing an Tánaiste aird ar mar atá comhar praiticiúil idir Éirinn agus na SA ag leathnú ar fud raon réimsí beartais eachtraigh le linn thionacht Rúnaí Clinton mar Rúnaí Stáit.
Le linn an chruinnithe, ghabh an Tánaiste buíochas leis an Rúnaí Clinton as a tiomantas fadtéarmach do shíocháin agus d’athmhuintearas ar oileán na hÉireann agus chuir sé ar an eolas í maidir leis an méid a tharla i dTuaisceart Éireann le déanaí anuas. Labhair an dá thaobh faoin tábhacht atá leis an mbunsraith a leagan le haghaidh Chomhaontú Saorthrádála idir an AE-SA le linn Uachtaránacht na hÉireann ar an AE go luath. Phléigh siad freisin chomh maith is a d’éirigh le hÉirinn ina Cathaoirleacht ar an OSCE agus iad ag tnúth le bheith ag obair le chéile ar an gComhairle um Chearta an Duine.
Phléigh an Tánaiste agus Rúnaí Clinton athchóiriú cúrsaí inimirce. Thapaigh an Tánaiste an deis ár dtacaíocht láidir a athdhearbhú do reachtaíocht chuimsitheach ar inimirce agus ar víosaí E3 a fháil do shaoránaigh Éireannacha.
Chuir an Tánaiste fáilte ghnaíúil roimh chinneadh Riarachán na SA Fóram ollmhór ar Diaspóra an Domhain a chomh-óstáil i mBaile Átha Cliath agus sna SA mí Bealtaine seo chugainn. Dúirt sé go léiríonn an rogha Baile Átha Cliath a phiocadh mar ionad eile don Fhóram ceannaireacht agus nuálaíocht na hÉireann sa réimse seo a bhfuil suim idirnáisiúnta ag méadú maidir leis.
I ndiaidh an chruinnithe, d’fhógair an Tánaiste go gcuirfidh an Rialtas €250,000 i maoiniú éigeandála ar fáil d’eagraíochtaí deonacha as Éirinn in Oirthear na Stát Aontaithe chun cabhrú leis na baill sin de na pobail Éireannacha agus na pobail i gcoitinne is mó a d’fhulaing mar gheall ar Spéirling Sandy. Díreofar an maoiniú ar iarrachtaí faoisimh agus atógála in Breezy Point, Staten Island agus i Jersey Shore áit a ndearnadh scrios ollmhór do phobail a bhfuil fréamhacha láidre acu le muintir na hÉireann mar gheall ar Spéirling Sandy. Tá an maoiniú á chur ar fáil taobh istigh de na hacmhainní atá cheana féin i mbuiséad na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus cuireann sé leis an obair atá ar bun cheana féin ag ár nArd-Consalacht i Nua Eabhrac a chomhoibríonn go dlúth leis na heagraíochtaí pobail Éireannacha lena mbaineann.
Mhol an Tánaiste an gealltanas a thug Rúnaí Clinton maidir le forbairt idirnáisiúnta, agus d’fhormhuinigh siad go láidir an chomhpháirtíocht idir Éirinn agus na S.A. sa troid i gcoinne an ocrais agus an tearc-chothaithe. D’fháiltigh siad roimh an tionscnamh atá faoi stiúir na hÉireann agus na SA chun méadú thar cuimse a chur ar an úsáid a bhaintear as soirn breosla-éifeachtúil sa Mhaláiv, rud a thabharfaidh daoine slán agus a fheabhsóidh saol líon mór mná bochta agus leanaí.
D’fhógair an Tánaiste go n-oibreoidh Éire agus na SA le Rialtas na Maláive, le heagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla agus leis an gComhaontas Domhanda um Soirn Chócaireachta Níos Glaine chun líon na sorn breosla-éifeachtúil a mhéadú go dtí 2 mhilliún faoi 2020, i gcuid de na pobail is boichte sa Mhaláiv, ar tír í a bhfuil tosaíocht aici i gclár cúnaimh na hÉireann. Faigheann 2 mhilliún duine ar fud an domhain bás roimh an am mar gheall ar dheatach a análú ó chócaireacht, ina measc 13,000 gach bliain sa Mhaláiv, agus is mná agus leanaí a bhformhór.