Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Plé le heagraíochtaí neamhrialtasacha maidir le hUachtaránacht an AE

Phléigh an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello TD, Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an AE le hionadaithe Eagraíochtaí Neamhrialtasacha na hÉireann atá dírithe ar fhorbairt dhomhanda.

Phléigh an tAire Costello pleananna le haghaidh chruinniú neamhfhoirmiúil Airí Forbartha an AE a bheidh ar bun i mBaile Átha Cliath i mí Feabhra.  Dúirt sé: 

“Tagann Uachtaránacht na hÉireann ag pointe tábhachtach i bhforbairt idirnáisiúnta de réir mar a dhruidimid leis an spriocdháta chun Spriocanna Forbartha na Mílaoise 2000 a bhaint amach in 2015. Tá plé domhanda ar bun cheana féin maidir lena dtiocfaidh in ionad na Spriocanna Forbartha.

“Beidh Éire i seilbh na hUachtaránachta ag druidim le hImeacht Speisialta na NA ar Spriocanna Forbartha na Mílaoise 2013, áit a dtosóidh an pobal idirnáisiúnta ag cur cruth ar an gcreat forbartha domhanda tar éis 2015.  Le linn an ama sin, oibreoidh Éire go dian dícheallach lenár gcomhpháirtithe san Eoraip lena chinntiú go mbeidh an AE, an soláthraí is mó ar domhan de chúnamh forbartha, rannpháirteach go héifeachtach sa phróiseas.” 

Labhair an tAire Costello freisin faoin ról tábhachtach a bheidh ag eagraíochtaí neamhrialtasacha na hÉireann ó thaobh sraith nua spriocanna a fhorbairt chun dul i ngleic leis an mbochtaineacht agus leis an tearc-fhorbairt tar éis 2015.

“Beidh ról tábhachtach ag an tsochaí shibhialta sa phróiseas tar éis 2015, trí bheith ag obair ionas go mbeidh sochaí na hÉireann rannpháirteach in ábhar na díospóireachta tábhachtaí seo, agus freisin trí rannchuidiú go gníomhach leis an bplé domhanda.”

Beidh an Uachtaránacht ar bun ar chothrom dhá scór bliain ó chuaigh Éire isteach san AE.  Bunaíodh clár comhair um fhorbairt na hÉireann nuair a chuamar isteach san AE – Cúnamh Éireann mar atá inniu.

Nóta d’eagarthóirí

  • Is é Cúnamh Éireann clár cúnaimh an Rialtais do thíortha eile. Tá sé á bhainistiú ag Rannóg an Chomhair um Fhorbairt de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
  • Rachaidh Éire i mbun Uachtaránacht Chomhairle an AE an 1 Eanáir, 2013.

Is sraith ocht sprioc iad Spriocanna Forbartha na Mílaoise arna gcomhaontú ag 189 náisiún sa bhliain 2000 chun daoine a thabhairt slán ón mbochtaineacht agus ó dhíothacht. I measc na spriocanna, tá mortlaíocht máithreacha agus leanaí a laghdú, fíor-ocras agus fíorbhochtaineacht a dhíothú agus bunoideachas uilíoch a bhaint amach. Is é 2015 an bhliain atá leagtha síos chun na spriocanna a bhaint amach.