Maoiniú agus soláthairtí éigeandála ceadaithe do na hOileáin Fhilipíneacha
15 December 2012D'fhógair an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello T.D., inniu go bhfuil Éire ag cur €125,000 agus 32 tona soláthairtí éigeandála ar fáil chun cabhrú le teaghlaigh a fágadh gan dídean mar gheall ar an tíofún a bhuail na hOileáin Fhilipíneacha an tseachtain seo caite.
Mar gheall ar an méid damáiste agus scriosta a rinne Tíofún Bopha, ní raibh de rogha ag an Uachtarán Benigno Aquino III ach staid éigeandála a fhógairt. Tá bia, uisce agus foscadh ag teastáil go géar ó na pobail atá buailte.
Dúirt an tAire Costello:
"Tá Plan Ireland agus Christian Aid Ireland ag freagairt go práinneach don ghéarchéim i Réigiúin Mindanao agus Davao. Tugadh cead do na heagraíochtaí sin €125,000 a tharraingt ó mhaoiniú a bhí réamhcheadaithe ag Cúnamh Éireann d'fhonn aghaidh a thabhairt ar riachtanais láithreacha na dteaghlach atá buailte.
Ina theannta sin, tá údarás tugtha agam 400 campa teaghlaigh, 300 piocóid agus spád agus 15,000 barra gallúnaí a aeraistriú ón stoc atá ag Éirinn in Iosta Freagartha Daonnúla na NA sa Mhalaeisia. Cuirfidh an t-aeraistriú sin tacaíocht éigeandála ar fáil do 400 teaghlach atá ag fulaingt go dona. Tabharfaidh Plan Ireland amach na hábhair seo nuair a shroichfidh siad an tír.
Ina theannta sin, déanfar ball amháin de Chór Mearfhreagartha na hÉireann a imscaradh chuig na hOileáin Fhilipíneacha chun tacú le hobair Chiste Éigeandála Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe do Leanaí chun an soláthar uisce agus sláintíochta a fheabhsú. Tá m'fhoireann i dteagmháil an t-am ar fad leis na gníomhaireachtaí NA atá ag freagairt don éigeandáil. Coinneoimid súil ghéar ar an gcás, trínár nAmbasáid i Singeapór.”
Chun tuilleadh eolais a fháil nó agallamh a iarraidh leis an Aire Costello, téigh i dteagmháil le Fionnuala Quinlan, Preasoifigeach, Cúnamh Éireann, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ar 01-4082653 nó 0879099975. www.irishaid.ie