Cáineadh láidir déanta ag an Tánaiste ar chinneadh Iosrael 3,000 aonad nua lonnaíochta a thógáil
19 April 2013Cáineadh láidir déanta ag an Tánaiste ar chinneadh Iosrael 3,000 aonad nua lonnaíochta a thógáil in Oirthear Iarúsailéim agus ar an mBruach Thiar
Ag labhairt maidir le fógra Rialtas Iosrael go bhfuil sé beartaithe dul ar aghaidh le 3,000 aonad nua lonnaíochta a thógáil in Oirthear Iarúsailéim agus ar an mBruach Thiar, dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an tUasal Éamon Gilmore, T.D.:
“Tá an-imní orm maidir leis na pleananna atá ag Rialtas Iosrael 3,000 aonad nua lonnaíochta a thógáil sa Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil. Tugtar le fios le scála na bpleananna nach bhfuil sé i gceist i ndáiríre ag Iosrael seasamh siar ó lonnaíochtaí nua a leathnú agus a thógáil, rud, is fiú a lua, atá neamhdhleathach faoin dlí idirnáisiúnta. Tagann an fógra seo salach go hiomlán ar thiomantas luaite an Phríomh-Aire Netanyahu agus a Rialtas dul chun cinn a dhéanamh trí chainteanna síochána agus trí réiteach a bhaint amach don dá stát."
“Tá imní orm go háirithe faoin rún luaite dul ar aghaidh leis an tógáil i limistéar E1 den Bhruach Thiar ar thug mé cuairt air i mí Eanáir seo caite. Ní féidir breathnú ar aon tógáil lonnaíochta sa limistéar tábhachtach straitéiseach ach amháin mar rún chun an Bhruach Thiar a roinnt ina leath agus Oirthear Palaistíneach Iarúsailéim a dheighilt tuilleadh óna chríoch nádúrtha. Tagaim dá bhrí sin le hArd-Rúnaí na NA Ban agus le daoine eile agus muid ag iarraidh ar Rialtas Iosrael aon phleananna den sórt sin a chur ar ceal ar mhaithe leis an tsíocháin.”
“Nuair a shocraigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an tseachtain seo caite stádas mar Stát Breathnóireachta a bhronnadh ar an bPalaistín ba cheart go dtabharfadh sé spreagadh a theastaíonn go géar chun cainteanna substaintiúla síochána a chur ar bun arís. Níor chóir é a úsáid mar bhealach chun tuilleadh constaicí tromchúiseacha a chur i mbealach na síochána. Is trí chainteanna díreacha amháin is féidir comhaontú síochána atá cóir agus ionraic, bunaithe ar an réiteach don dá stát, a bhaint amach. Impím ar an dá thaobh staonadh ó aon ghníomhaíocht a bhaineann ón gcuspóir riachtanach seo nó a mbíonn sé níos deacra cainteanna síochána a chur ar bun in athuair mar gheall air. Spreagaim Rialtas Iosrael an fógra is déanaí seo maidir le tógáil lonnaíochtaí a tharraingt siar agus, ina n-iarrachtaí sin a dhéanamh, a léiriú go bhfuil sé meáite i ndáiríre do chomhaontú síochána a bhaint amach bunaithe ar réiteach don dá stát.”