Iarrann an Tánaiste suaimhneas tar éis foréigin atá dírithe ar ionadaithe tofa i dTuaisceart Éireann
06 December 2012Cáinim an foréigean aréir a bhí dírithe ar ionadaithe tofa de Pháirtí na Comhghuaillíochta, an scrios agus an damáiste a rinneadh d’oifigí Pháirtí na Comhghuaillíochta agus na hionsaithe a rinneadh ar oifigigh an PSNI.
Is ionann ionsaithe foréigin den sórt sin ar pháirtí dhaonlathach agus ionsaí ar an daonlathas féin. Is mór an náire iad agus níor chóir a leithéid a bheith i sochaí shibhialta in aon chor.
Tá dul chun cinn mór déanta i dTuaisceart Éireann ionas go mbeadh sochaí ann ina smachtaítear le riail an dlí, ina bhfuil ómós do shaol an duine agus ómós do chomhionannas agus d’éagsúlacht. Músclaítear cuimhní cinn ionainn go léir maidir le laethanta duairce an fhoréigin blianta ó shin agus cuirfidh gach duine atá meáite ar réiteach ceart a fháil ar an gcás i gcoinne an fhoréigin sin.
Teastaíonn suaimhneas anois.
Labhair mé le David Ford chun ár dtacaíocht a chur in iúl don PSNI agus do na baill sin dá pháirtí arbh éigean dóibh cur suas le hionsaithe orthu féin, ar a dteaghlaigh agus ar a maoin.
Déanfaidh Rialtas na hÉireann gach rud is féidir leis chun tacú leis na ceannairí polaitiúla i dTuaisceart Éireann de réir mar a oibríonn siad chun bogadh thar na dteannas atá ansin faoi láthair agus an foréigean polaitiúil as an nua.