Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fógraíonn an Tánaiste figiúirí maidir le cúnamh consalachta in 2012

D’fhógair an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Gilmore, T.D., inniu figiúirí maidir le cúnamh consalachta a cuireadh ar fáil do shaoránaigh Éireannacha thar lear in 2012.  Tugadh cúnamh i mbeagnach 1,500 cás aonair.  Is ionann an figiúr agus na leibhéil mhéadaithe cúnaimh a taifeadadh le trí bliana anuas.

Mhol an Tánaiste an tacaíocht thiomanta a thug foireann Ambasáidí agus Chonsalachtaí na hÉireann, chomh maith le Rannóg Consalachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, as an tseirbhís 24 uair an chloig, 365 lá sa bhliain, atá acu lena chinntiú go bhfuil cúnamh ar fáil do náisiúnaigh na hÉireann agus dá dteaghlaigh a mbíonn deacrachtaí acu thar lear. 

Ag labhairt faoi na figiúirí rinne an Tánaiste a chomhbhrón leis na teaghlaigh sin ar cailleadh daoine gaolta leo thar lear.   D’impigh sé ar dhaoine atá ag taisteal árachas leighis agus taistil ceart a bheith acu ionas nach gcuirfear ualach ar theaghlaigh i gcás ar an drochuair go dtarlódh timpiste nó eachtra.  Dúirt an Tánaiste:

“Má tá sé ar intinn agat taisteal thar lear i mbliana, ar saoire nó le dhul ag obair, ba cheart duit pleanáil roimh ré agus tabhair tús áite thar aon ní eile do do shábháilteacht féin.  Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil árachas taistil agat, go bhfuil do phas chun dáta, agus déan nóta de shonraí teagmhála Ambasáid ábhartha na hÉireann sa tír a bhfuil tú ag tabhairt cuairte uirthi.”

“Tá eolas an-áisiúil ar fáil ar láithreán Gréasáin na Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála www.dfa.ie - ina measc comhairle taistil a bhaineann go sonrach leis an tír faoi leith agus treoir chuimsitheach maidir le bheith ag taisteal go sábháilte thar lear.” 

“Go háirithe, impím ar shaoránaigh na hÉireann clárú ar líne leis an Roinn sula dtéann siad thar lear bíodh sé sin ar saoire, ar ghnó nó má tá cónaí orthu thar lear.  Is é an buntáiste a bhaineann le clárú ná má tharlaíonn géarchéim mhór thar lear, go mbeidh taifead ag an Roinn de do shonraí, agus beifear in ann dul i dteagmháil leat nó le do theaghlach díreach nuair a tharlaíonn an rud.”

In 2012 chabhraigh an Roinn le beagnach 1,500 saoránach as Éirinn tar éis éigeandálaí tromchúiseacha consalachta, lena n-áirítear cásanna ina bhfuair daoine bás, inar gabhadh daoine, ina raibh timpistí ag daoine, inar fuadaíodh leanaí agus inar cuireadh daoine in ospidéal.  Cé gur tugadh cúnamh consalachta do shaoránaigh na hÉireann i mbeagnach gach tír ar domhan, tharla an líon ab airde d’éigeandálaí consalachta sa Spáinn thar aon tír eile, ansin an Astráil, SA, an Fhrainc, an Bhreatain, an Tuirc, an Téalainn, Ceanada, UAE, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír, an Ghréig, an Pholainn agus an Phortaingéil. 

Go háirithe, thug an Roinn agus Ambasáidí na hÉireann cúnamh consalachta do theaghlaigh 194 duine a bhásaigh thar lear, agus ba chásanna an-tubaisteach roinnt díobh sin. 

Tugadh cúnamh freisin i 290 cás gabhála, chomh maith le roinnt cásanna fuadach leanaí a bhí deacair agus a chuaigh ar aghaidh ar feadh píosa fada.

Le linn Chraobhchomórtas Euro 2012 d’oscail an Roinn oifigí consalachta tiomnaithe in Gdansk agus in Poznan agus soláthraíodh cumhdach 24 uair an chloig do lucht leanúna a bhí ag taisteal i gcomhair na turnaiminte.  Sholáthair siad sin tacaíocht chonsalachta chuimsitheach d’os cionn 180 cás consalachta aonair agus tugadh comhairle agus cabhair do chúpla céad saoránach eile a rinne fiosrúcháin eile. 

Sholáthair oifigigh chonsalachta a bhí lonnaithe inár nAmbasáid i Londain cúnamh de réir mar a bhí gá le linn na gCluichí Oilimpeacha agus Parailimpeacha i Londain in 2012.  

Rinne an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála monatóireacht ghéar freisin ar an gcás sa Mheánoirthear le linn 2012.   Coinníonn an Roinn trína cuid Ambasáidí i gCaireo agus i Tel Aviv teagmháil le saoránaigh Éireannacha sa tSiria agus in Iosrael agus sna Críocha atá faoi fhorghabháil agus déantar é sin ar mhaithe lena sábháilteacht agus lena leas.

Sonraí maidir le seirbhísí consalachta eile a cuireadh ar fáil in 2012:

In 2013 aistreoidh an Roinn na seirbhísí Breitheanna Coigríche agus Póstaí Thar Lear chuig córas iarratais ar líne a fhágfaidh go mbeidh seirbhís níos fearr ann do chustaiméirí agus go ndéanfaidh an Roinn roinnt coigiltis as. Leis sin freisin beifear in ann staitisticí níos fearr a thabhairt, beidh na próisis níos sábháilte agus soláthrófar tuairiscí ar aon treochtaí nua atá ag teacht chun cinn maidir leis na seirbhísí sin. 

Le linn 2012, d’eisigh an Roinn níos mó ná 2,500 Certificat de Coutume (litreacha sibhialta um shaoirse) chuig saoránaigh Éireannacha a bhí ag pósadh thar lear, agus ba iad na tíortha ba mhó a raibh tóir orthu le pósadh iontu ná an Iodáil, an Spáinn, an Ghearmáin, Málta agus Albain.

Phróiseáil an Roinn níos mó ná 8,000 iarratas ar shaoránacht Éireannach trí Chlárú Breitheanna Coigríche (duine a bheirtear thar lear do shaoránach Éireannach nach rugadh in Éirinn).  Faightear an chuid is mó de na hiarratais sin trí na hAmbasáidí agus na Consalachtaí Onóracha sna Stáit Aontaithe, sa Bhreatain, san Afraic Theas, san Astráil agus sa Nua Shéalainn, rud a léiríonn an líon mór pobal Éireannach atá ag cur fúthu sna háiteanna sin.

Rinne an Roinn fíordheimhniú freisin ar bhreis is 50,000 doiciméad Éireannach cosúil le teastais oideachais, doiciméid dlí agus doiciméid cuideachta, a theastaíonn le tabhairt thar lear, agus bhí go leor díobh ag teastáil d’fhonn fostaíocht a fháil thar lear nó le haghaidh idirbheart maoine agus tráchtála. Leanann an Roinn ag tairiscint seirbhís lá céanna do mhóramh na n-iarratas ar fíordheimhniú.