Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Údaraíonn aeraistriú éigeandála soláthairtí dídine le haghaidh Phoblacht Dhaonlathach an Chongó

D'fhógair an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello T.D., inniu go bhfuil Éire chun beagnach 100 tona soláthairtí dídine éigeandála a sholáthar chun cabhrú leis na mílte teaghlach a fágadh gan dídean mar gheall ar choimhlint i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.

Dúirt an tAire Costello:

"Cheadaigh mé aeraistriú 18,000 pluid, 600 tarpól, agus 500 puball ó stoic na hÉireann atá in Iosta Daonnúil na Náisiún Aontaithe in Dubai cheana féin. Cuirfidh na soláthairtí bunriachtanacha seo ar chumas ár gcomhpháirtithe, Concern, Oxfam agus Christian Aid dídean éigeandála a chur ar fáil do na daoine sin a raibh orthu teitheadh óna gcuid tithe. Chomh maith leis sin chuir mé baill de Chór Mearfhreagartha na hÉireann ar fuireachas le cabhrú leis an oibríocht faoisimh idirnáisiúnta de réir mar is gá.

"Tá an cor daonnúil in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó imithe in olcas go tapa mar gheall ar fhoréigean de bharr ionradh an ghrúpa reibiliúnach, M23. Measadh go bhfuil 130,000 duine tar éis teitheadh ó phríomhchathair an Oirthir, Goma, agus ón gceantar máguaird, áit atá tréigthe ag 1.5 milliún duine cheana féin mar gheall ar an gcoimhlint leanúnach.

"Tá muintir Phoblacht Dhaonlathach an Chongó ag streachailt le ceann de na géarchéimeanna daonnúla is casta agus is buaine sa domhan. Tar éis blianta fada cogaidh agus míbhainistíochta, is í Poblacht Dhaonlathach an Chongó an tír is lú forbairt ar domhan. Cailleadh cúig mhilliún Congólach ó 1998 i leith.

"Cháin Éire arís is arís eile na sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine atá tar éis saol an oiread sin Congólach a fhágáil faoi chrann smola agus tá tacaíocht shuntasach curtha ar fáil againn do na Náisiúin Aontaithe agus do NGOanna móra idirnáisiúnta le cabhrú leo freagairt don ghéarchéim mhillteach seo.”

Nóta d’eagarthóirí:

Is é Cúnamh Éireann clár cúnaimh an Rialtais do thíortha eile. Tá sé á bhainistiú ag Rannóg an Chomhair um Fhorbairt de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Tá an cor daonnúil ag dul in olcas le haghaidh daonraí a bhfuil an choimhlint athnuaite i gcúigí in oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó ag dul i gcion orthu.  Roimh an mborradh is déanaí faoin bhforéigean, meastar gur easáitíodh 550,000 duine ar fud oirthear Phoblacht Dhaonlathach an Chongó ó Aibreán i leith.

Easáitíodh thart ar 2.4 milliún duine ar fud na tíre ón mbliain 2009 i leith.  Thairis sin, tá níos mó ná 50,000 dídeanaí tar éis teitheadh chuig Uganda agus Ruanda le cúpla mí anuas.

Is é toradh na tacaíochta a fógraíodh inniu go bhfuil an Rialtas tar éis €4.8 milliún a chur ar fáil le freagairt don ghéarchéim i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó i mbliana, lena n-áirítear maoiniú a cuireadh ar fáil do ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe agus do NGOanna móra idirnáisiúnta.

Coinníonn Cúnamh Éireann stoic éigeandála laistigh de chóras iosta um Fhaoiseamh Daonnúil na Náisiún Aontaithe in áiteanna ar domhan ina mbíonn géarchéimeanna go minic nó gar dóibh. Tríd an líonra sin coinníonn Cúnamh Éireann soláthairtí i bPanama, sa Mhalaeisia (Subang), in Dubai, i nGána agus san Iodáil (Brindisi).

Coinníonn Cúnamh Éireann an Cór Mearfhreagartha, clár daoine ard-oilte atá sásta a bheith imscartha ar gearrfhógra chun cabhrú in iarracht faoisimh éigeandála.