Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Spreagann An tAire do Thrádáil agus Forbairt Joe Costello gnóthaí dul i ngleic le hocras domhanda

Spreag an tAire do Thrádáil agus Forbairt Joe Costello gnóthaí inniu tacú leis an ngluaiseacht idirnáisiúnta chun dul i ngleic le tearc-chothú i measc máithreacha agus leanaí faoi dhá bhliain d’aois. 

Dúirt an tAire Costello go bhfuil ról fíor-thábhachtach ag an earnáil phríobháideach a chinntiú gur féidir le daoine bochta rochtain a fháil ar an mbia ceart ar an bpraghas ceart.  Bhí sé ag seoladh líonra tiomnaithe gnó mar chuid den ghluaiseacht Scaling up Nutrition (SUN) i Londain ar maidin. Tugtar Rialtais, deontóirí, an earnáil phríobháideach, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus daoine eile le chéile sa ghluaiseacht SUN chun tearc-chothú i measc máithreacha agus leanaí a laghdú. 

Chomh maith le gnóthaí bia agus dí, tá súil ag an líonra cumas na hearnála príobháidí a chothú cosúil le lóistíocht, cumarsáid, airgeadas agus taighde. 

Dúirt an tAire Costello:

“Mar Aire do Thrádáil agus Forbairt, táim meáite ar chumas na bpobal gnó a thabhairt linn d’fhonn cothú a fheabhsú.  Caithfidh daoine bochta rochtain a bheith acu ar bhia atá siad in acmhainn a cheannach, agus atá go maith acu. Tá feirmeoirí áitiúla, dáileoirí agus miondíoltóirí lárnach ó thaobh é sin a bhaint amach, díreach mar atá gnóthaí idirnáisiúnta. Tá cúram orainn go léir rochtain a thabhairt do dhaoine bochta ar an mbia ceart a theastaíonn uathu ar an bpraghas ceart.

“Tá a fhios agam go bhfuil roinnt cuideachtaí Éireannacha ag cur an tsaineolais atá acu ar thaighde agus ar fhorbairt i bhfeidhm chun cuidiú freastal ar riachtanais chothaithe daoine bochta i dtíortha i mbéal forbartha.  Tá súil agam gur féidir linn oibriú le chéile chun líon na ngnóthaí atá ag tabhairt aghaidh ar na riachtanais a mhéadú ar bhealach eiticiúil agus inbhuanaithe. Mar Líonra Gnó, tá acmhainn iontach agat toisc go bhfuil tú lárnach i ngach céim den slabhra bia agus sláinte ar leibhéil áitiúla agus dhomhanda.”

Dúirt an tAire Costello freisin go mbeadh sé ar cheann de thosaíochtaí na hÉireann le linn ár nUachtaránacht ar an AE go luath dul i ngleic le hocras agus leochaileacht daoine bochta do ghéarchéimeanna nádúrtha agus saorga a laghdú.  Fulaingíonn thart ar 870 milliún duine ón ocras, agus meastar go gcuirtear aon trian de tháirgeadh bia an domhain amú.

“Is bunchloch de chlár forbartha na hÉireann é dul i ngleic le hocras agus le tearc-chothú.  Tá cúigiú cuid dár mbuiséad i gCúnamh Éireann tiomnaithe chun aghaidh a thabhairt ar ocras agus táim meáite ar oibriú leis an bpobal idirnáisiúnta sna míonna agus sna blianta amach romhainn chun an obair thábhachtach sin a chur chun cinn, rudaí a mbeidh impleachtaí acu maidir le gach gné den fhorbairt.”

Le linn a thréimhse i Londain, thug an tAire cuairt freisin ar Cricklewood Homeless Concern, ionad acmhainní don phobal Éireannach a thairgeann seirbhísí leasa do dhaoine gan dídean agus do dhaoine i dtithíocht neamhshlán. Thug an tAire turas ar an ionad agus bhuail sé le daoine a bhaineann úsáid as an ionad, le hoibrithe agus le saorálaithe.

“Táim an-tógtha leis an méid seirbhíse atá á tairiscint san ionad agus chuaigh an méid cairdis atá idir an fhoireann agus na hÉireannaigh agus náisiúnaigh eile a úsáideann an t-ionad i gcion go mór orm.”