Díreoidh Éire ar choimhlint na Siria le linn ár nUachtaránachta ar an AE
12 December 2012Gheall an tAire Trádála agus Forbartha Joe Costello inniu go dtabharfaidh Éire tús áite le linn ar nUachtaránachta ar an AE d’iarrachtaí réiteach a chur chun cinn ar an gcoimhlint thubaisteach sa tSiria.
Ag labhairt dó roimh chruinniú de Chairde na Siria nó Friends of Syria i Maracó inniu, ar ar fhreastail níos mó ná 70 aire gnóthaí eachtracha ó thimpeall na cruinne, dúirt an tAire Costello:
“Seasann Éire leo siúd ar fad ar mian leo deireadh a chur leis an smacht fhuilteach atá brúite ag rialtas Assad ar mhuintir a thíre féin. Tacaímid le hiarrachtaí an cás sa tSiria a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus beidh sé sin mar thosaíocht ag Éirinn nuair a rachaimid ar Chomhairle um Chearta an Duine de chuid na NA an chéad mhí eile. Ar an gcaoi chéanna, tabharfaimid tús áite d’fhéachaint ar réiteach foriomlán a fháil ar an ngéarchéim le linn ár nUachtaránachta ar an AE sna chéad sé mhí de 2013.”
D’athdheimhnigh an tAire Costello freisin tacaíocht láidir na hÉireann d’iarrachtaí Ionadaí Speisialta na NA/Léig na nArabach, Lakhdar Brahimi, deireadh a chur leis an gcoimhlint chomh maith le fáilte a chur roimh bhunú an Chomhrialtais Náisiúnta um Fhórsaí Réabhlóideacha agus Freasúra na Siria:
“Is éacht tábhachtach é seo sna hiarrachtaí freasúra aontaithe a chruthú, a bheidh in ann fís inchreidte, uilechuimsitheach, dhaonlathach a leagan amach do mhuintir na Siria. Spreagaimid an Comhrialtas dul i gcion ar gach sraith de shochaí na Siria, agus oibriú go dlúth leis an Ionadaí Speisialta Brahimi agus leis an bpobal idirnáisiúnta d’fhonn réiteach síochánta a bhaint amach.”
Rinne an tAire Costello cur síos ar anacair mhuintir Siria mar uafás agus d’iarr sé ar an bpobal idirnáisiúnta freagra a thabhairt ar riachtanais phráinneacha dhaonnúla na saoránach atá sáite sa choimhlint. Dúirt an tAire:
“Le aon mhí is fiche anois, meastar go bhfuair níos mó ná 40,000 duine bás, agus gur theith na milliúin a gcuid tithe, go leor acu ar thóir tearmainn i dtíortha in aice láimhe. Chonaic mé é sin nuair a thug mé cuairt ar champa le haghaidh dídeanaithe i Zatari san Iordáin i mí Lúnasa seo caite.
“Thug Éire thart ar €2.45 milliún i gcúnamh éigeandála go dtí seo agus leantar de mhonatóireacht a dhéanamh ar na riachtanais dhaonnúla ar an talamh. Ní mór dúinn freisin brú a choinneáil ar gach taobh sa tSiria chun ómós iomlán a thabhairt don dlí daonnúil idirnáisiúnta agus chun rochtain dhaonnúil a éascú i gcónaí.”
Nóta d’eagarthóirí
• Ag cruinniú Chairde na Siria nó Friends of Syria in Marrakesh, i Maracó, inniu táthar ag lorg bealaí chun aistriú polaitiúil a chur chun cinn agus cabhair dhaonnúil riachtanach a chur ag obair.
• Thug Éire soláthairtí éigeandála tarrthála agus maoiniú arbh fhiú €2.45 milliún é do ghníomhaireachtaí na NA agus do chomhpháirtithe eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag tabhairt cúnaimh do mhuintir na Siria sa tSiria féin agus i dtíortha in aice láimhe.
• Dar leis na NA, tá 2.5 milliún duine sa tSiria a dteastaíonn cabhair dhaonnúil láithreach uathu agus tá suas le 2 mhilliún duine aslonnaithe. Tá thart ar 1.5 milliún duine as an tSiria i mbaol ó neamhshláine bia. Istigh sa tSiria féin, is iad na riachtanais dhaonnúla is práinní ná cosaint, cúram sláinte, foscadh, bia agus uisce agus sláintíocht.