Aontaíonn Airí plean oibre Heilsincí +40 don OSCE
07 December 2012BAILE ÁTHA CLIATH, 7 Nollaig 2012 – Bhí plean oibre straitéiseach maidir le treo an OSCE sa todhchaí agus ráiteas tacaíochta do na cainteanna a bhfuil borradh as an nua curtha fúthu maidir le próiseas lonnaíochta Transnistria i measc na gcinntí ar ghlac airí eachtracha agus ionadaithe ardleibhéil ón 57 stát rannpháirteach san OSCE leo ag an 19ú Comhairle Aireachta, a cuireadh i gcrích i mBaile Átha Cliath inniu.
D’fháiltigh Cathaoirleach in Oifig an OSCE, Leas Phríomh-Aire na hÉireann agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Éamon Gilmore, le glacadh plean oibre straitéisigh don OSCE d’fhonn aghaidh níos éifeachtaí a thabhairt ar dhúshláin slándála.
“Tá ríméad orm gur aontaíomar próiseas Heilsincí +40, ina leagtar amach cosán soiléir idir seo agus 2015 le haghaidh obair lena láidreofar an Eagraíocht go suntasach,” a dúirt sé. “Táim réidh le tacaíocht a thabhairt do Chathaoirligh na hÚcráine, na hEilvéise agus na Seirbia atá ag teacht isteach, agus iad ar a ndícheall an OSCE a athneartú agus a athbheochan, agus muid ag teannadh le cothrom 40 bliain ó cuireadh an Helsinki Final Act i bhfeidhm.”
Den chéad uair le blianta fada, dhearbhaigh airí a dtacaíocht d’aon ghuth do phróiseas lonnaíochta Transnistria, ina dtugtar tábhacht pholaitiúil as an nua do na cainteanna oifigiúla, a cuireadh ar bun in athuair anuraidh tar éis bearna sé bliana.
“Tá áthas orm a fhógairt gur aontaigh gach Stát rannpháirteach ar chomhráiteas ina ndearbhaítear arís a dtacaíocht láidir le haghaidh réiteach pléite, cuimsitheach, cóir agus inmharthana ar an gcoimhlint,” a dúirt an Cathaoirleach. Bhí dul chun cinn ar choimhlintí fadtréimhseacha agus comhroinnt cheachtanna phróiseas síochána Thuaisceart Éireann mar thosaíochtaí ag Cathaoirleacht 2012 na hÉireann ar an OSCE.
D’fhéach Éire le pacáiste cothrom cinntí a chur faoi bhráid na Stát rannpháirteach, lena n-áirítear pacáiste ar chearta daonna. “Is cúis díomá é nach raibh aon chomhthoil ann teacht ar aon chinntí sa ghné dhaonna. Is mór an feall é gur lean treocht seo na gComhairlí Aireachta le déanaí anuas. Agus is cúis imní níos mó arís, ná go bhfuil an t-ómós a bhí do bhunchearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha faoi bhagairt i láthair na huaire i gcuid mhaith codanna de réigiún an OSCE.”
D’fháiltigh an Cathaoirleach freisin roimh dhearbhú maidir le dea-rialachas a neartú. Ghlaoigh sé “éacht mhór don Chathaoirleacht” air sin, dúirt sé le hairí go gcuirfeadh sé seo “ar chumas an OSCE géarú ar a cuid oibre maidir le héilliú a chosc agus a throid.”
Rinne Airí comhdhlúthú freisin ar iarrachtaí an OSCE aghaidh a thabhairt ar bhagairtí trasnáisiúnta, ag cur creata frith-sceimhlitheoireachta le cinntí roimhe sin a pléadh ar feadh na bliana maidir le bagairtí ó theicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, réamhtheachtaí drugaí agus ceimiceacha agus maidir le pleanáil straitéiseach.
Ag labhairt dó le taobh an Aire Gilmore ag seisiún faisnéise don phreas, d’aithin Ard-Rúnaí an OSCE Lamberto Zannier go bhfuil “físeanna difriúla maidir le slándáil” i measc na Stát rannpháirteach ach d’fháiltigh sé an sainordú a tugadh le cinneadh Heilsincí +40 an fhís maidir le pobal slándála a fhorbairt laistigh de réigiún an OSCE. “Táimid ar bís oibriú le Cathaoirleacht nua na hÚcráine chun an creat sin a fhorbairt,” a dúirt sé.