Cáineann an Tánaiste an diúracán a lainseáil DPRK le déanaí
13 December 2012Cáineann an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála Éamon Gilmore, T.D., an diúracán a lainseáil DPRK (Daonphoblacht Dhaonlathach na Cóiré) le déanaí. I ráiteas, dúirt sé:
“Is léir gur gníomh gríosaitheach agus contúirteach a bhí sa diúracán a lainseáil Daonphoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPRK) faoi threoir roicéid iompróra satailíte.
Ag teacht le ráitis a d’eisigh Ard-Ionadaí an AE agus Comhairle Slándála na NA, déanaim cáineadh láidir ar an lainseáil. Beag beann ar aidhm luaite na lainseála seo, is léir go bhfuil aon lainseáil de chuid na Cóiré Thuaidh ina n-úsáidtear teicneolaíocht diúracáin bhalaistíoch ag sárú dhá Rún de chuid Chomhairle Slándála na NA.
Is maith an rud é go bhfuil an Chomhairle Slándála i mbun comhairliúchán faoi láthair maidir le freagairt iomchuí ar an lainseáil. Tá sé an-tábhachtach go seolfadh an pobal idirnáisiúnta an teachtaireacht is láidir ar bith chuig na húdaráis in Pyongyang go bhfuil sé fós glan in aghaidh iomadú armán núicléach agus a gcórais sheachadta ar leithinis na Cóiré.
Iarraim ar rialtas na Cóiré Thuaidh staonadh ó aon ghníomhartha gríosaitheacha agus contúirteacha eile agus filleadh, láithreach agus gan aon réamhchoinníollacha, ar na Cainteanna Sé Pháirtí.
Iarraim freisin ar na húdaráis in Pyongyang a gcuid oibleagáidí go léir faoin gConradh in aghaidh iomadú núicléach agus faoi chomhaontú cosaintí cuimsitheach an DPRK leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta d'Fhuinneamh Adamhach a chomhlíonadh go hiomlán.”