Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Tánaiste ag iarraidh deireadh láithreach le foréigean agus le himeaglú

Tá cáineadh láidir déanta ag an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Éamon Gilmore, T.D., ar an bhforéigean atá ar bun arís le roinnt laethanta anuas ar shráideanna Bhéal Feirste.

Ag labhairt sa Dáil tráthnóna inniu, d’iarr sé deireadh láithreach a chur le himeaglú ionadaithe poiblí, go háirithe iad sin as Páirtí na Comhghuaillíochta agus a dteaghlaigh.

Cháin sé freisin ionsaí buama peitril na hoíche aréir ar bhall mná de Sheirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, agus rinne sé cur síos ar an sruth foréigin atá tarlaithe le déanaí anuas mar “ionsaí ar an daonlathas féin nach bhfuil aon ról aige i bpolaitíocht an oileáin seo".

Níos túisce inniu labhair an Tánaiste le Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, Theresa Villiers, maidir leis an gcás ar an talamh. Phléigh sé freisin an foréigean leanúnach le David Ford, Ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta agus an tAire Dlí agus Cirt i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann, agus le Rúnaí Stáit SA, Hillary Clinton, le roinnt laethanta anuas.

Dúirt an Tánaiste: “Meabhraíonn an foréigean agus an t-imeaglú atá feicthe againn dúinn go gcaithfimid tacaíocht sheasmhach a thabhairt don phróiseas síochána. Seasann an Rialtas seo i gcónaí le muintir Thuaisceart Éireann lena chinntiú nach bhfulaingeoidh siad go deo arís mar gheall ar choimhlint foréigneach. Déanaimid cáineadh ar an méid foréigin atá tarlaithe ar shráideanna Bhéal Feirste agus na hionsaithe ar bhaill de Pháirtí na Comhghuaillíochta agus ar an PSNI.

“Caithfidh na páirtithe i dTuaisceart Éireann foghlaim le saincheisteanna faoi bhrait agus faoi shiombailí a réiteach ar bhealach báúil agus comhthoiliúil, de réir mar a oibrímid i dtreo sochaí bunaithe ar ómós don éagsúlacht, agus comhbhá do na traidisiúin agus na haitheantais éagsúla ar an oileán seo,” a dúirt sé.

Dúirt an Tánaiste freisin go bhfuil foréigean leanúnach ag cur isteach ar ghnó agus ar shaol an phobail, go mór mór gnóthaí i mBéal Feirste sna cúpla seachtain roimh an Nollaig.

“Is anois an t-am le haghaidh ceannaireacht pholaitiúil fhreagrach agus caithfimid go léir tuiscint gur cheart go lorgófaí suaimhneas inár gcuid idirghabhálacha seachas teannais a ghríosú tuilleadh.

“Tá cáil ar Thuaisceart Éireann de bharr an fhuinnimh atá ann, agus is ceart an cháil sin a thabhairt dó, agus léiríodh an fuinneamh sin nuair a osclaíodh roinnt áiteanna do chuairteoirí ag Giants Causeway agus an Titanic Quarter, nuair a rinneadh óstáil ar Chomórtas Oscailte na hÉireann ag Port Rois agus nuair a bronnadh Cathair an Chultúir ar Dhoire. 

“Leanfaidh Rialtas na hÉireann ag déanamh a dhíchill chun na héachtaí sin a chosaint agus tógáil orthu, agus tacóimid leis na ceannairí polaitiúla i dTuaisceart Éireann agus iad ag obair chun an ceann is fearr a fháil ar na teannais sin,” a dúirt sé.