Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tuarascáil Eacnamaíoch maidir le dul i ngleic le Dúshláin a bhíonn le Sárú ag Eisimircigh Éireannacha agus iad ag Filleadh Abhaile

Tá tuarascáil nua foilsithe ag Ciarán Cannon T.D., an tAire Stáit um Ghnóthaí Diaspóra agus Forbairt Idirnáisiúnta, dar teideal Addressing Challenges Faced by Returning Irish Emigrants.

Choimisiúnaigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála an tuarascáil neamhspleách sin ó Indecon ar mhaithe réitigh a aimsiú ar ualaí riaracháin neamhréireacha nó ualaí riaracháin gan ghá a théann i bhfeidhm ar eisimircigh Éireannacha ar mian leo filleadh chun cur fúthu in Éirinn. Cabhróidh torthaí na tuarascála sin le hobair leanúnach an Rialtais maidir lena fhágáil go bhfuil sé chomh héasca agus is féidir filleadh ar Éirinn.

Ag labhairt dó an tráth ar seoladh an tuarascáil, dúirt an tAire Stáit Cannon:

Tá áthas orm a bheith in ann an tuarascáil neamhspleách seo a fhoilsiú. Sa taighde a chuirtear i láthair inti, déantar próifíliú ar fhilleadh na n-imirceach Éireannach, dream a bhfuil fáilte mhór rompu, déantar scrúdú ar na dúshláin a bhí rompu ar fhilleadh dóibh; agus, go háirithe, déantar moltaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.

Is mó an méid daoine a bhíonn ag gluaisteacht idir tíortha i saol an lae inniu agus tá an margadh saothair domhanda ag teacht chun cinn, agus mar sin tá sé ríthábhachtach go n-éascóidh an Rialtas do shoghluaisteacht ár saoránach; go gcuirfimid ar a gcumas dóibh taisteal thar lear, go mbeimid i dteagmháil leo agus iad ag cur fúthu thar lear, agus – an rud is tábhachtaí – go bhfágfaimid chomh héasca agus is féidir acu é filleadh abhaile.

Is féidir an tuarascáil iomlán a íoslódáil ach cliceáil ar an nasc thíos.

Léigh an tuarascáil [PDF]