Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Skip to main content

Comórtais Earcaíochta: An tAonad Cumarsáide: an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Tá folúntais ann do dhá ról san Aonad Cumarsáide sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.

Bainisteoir Digiteach agus Gréasáin

Ag leibhéal an Phríomhoifigigh Chúnta a bheidh an ról seo. Beidh ar a laghad cúig bliana le caitheamh sa ról, de bharr an tacar scileanna teicneolaíochta sonrach a bhaineann leis.

Eagarthóir/Oifigeach Cumarsáide Digití agus Gréasáin

Ag leibhéal an Ardoifigigh Fheidhmiúcháin a bheidh an ról seo. Beidh ar a laghad cúig bliana le caitheamh sa ról, de bharr an tacar scileanna teicneolaíochta sonrach a bhaineann leis.

Tá na Leabhráin Eolais don dá chomórtas ar fáil ag na naisc thuas.

Déan teagmháil le competitions[at]dfa[dot]ie chun Foirm Iarratais a fháil. Luaigh an ról/na róil a bhfuil tú ag déanamh iarratais ina leith ar líne an ábhair.

Seolfar aitheantas maidir le (a) gach Foirm Iarratais a iarrfar agus (b) gach Foirm Iarratais chomhlánaithe a gheofar. Déan teagmháil le competitions[at]dfa[dot]ie sa chás nach bhfaigheann tú aitheantas.

Ba cheart ceisteanna a sheoladh chuig competitions[at]dfa[dot]ie

 

AN DÁTA DEIRIDH A GHLACFAR LE hIARRATAIS:

Ní mór iarratais a chomhlánú agus a chur ar aghaidh faoin 5.30pm Dé Céadaoin an 6 Aibreán, 2016 chuig competitions[at]dfa[dot]ie

Trí fhaisnéis a sheoladh go leictreonach, glactar leis nach gá go mbeadh sonraí go hiomlán daingean.

Is féidir iarratais chomhlánaithe nó ceisteanna a sheoladh leis an bpost freisin chuig:

Nicola Lumsden
An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
76-78 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
D02 Dx45