Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

An Clár Domhanda agus Diaspóra

Ireland 2016 Global and Disapora

Clár fairsing imeachtaí ar fud na cruinne

 

Tá níos mó i gceist le hÉire 2016 ná comóradh foirmiúil ar mhór-eachtra stairiúil. Is cuireadh é nach dtagann ach uair sa chéad chuig gach duine, idir sean is óg, sa bhaile agus thar lear, chun páirt a ghlacadh i raon ilchineálach de ghníomhaíochtaí stairiúla, cultúrtha agus ealaíonta atá ceaptha chun machnamh, comóradh, ceiliúradh agus díospóireacht a chothú, agus na gníomhaíochtaí sin a mhúnlú, agus a bhfuil i ndán dúinn a shamhlú.

Tá an Clár Domhanda agus Diaspóra ar cheann de na seacht snáithe de chuid an chláir fhoriomláin i gcomhair Éire 2016, ar sheol an Taoiseach é ar an 31 Márta 2015. Is deis é seo nach dtagann acu uair sa chéad, sa bhaile agus thar lear, chun iniúchadh a dhéanamh ar thír na hÉireann mar a bhí an tráth sin agus mar atá anois, í a chur i láthair, a phlé agus machnamh a dhéanamh uirthi, agus chun an 100 bliain atá romhainn a shamhlú.

Mar chuid den Chlár, lena n-áirítear imeachtaí ar fud an domhain atá á n-eagrú ag líonra Ambasáidí na hÉireann agus ag Cultúr Éireann, beidh diaspóra na hÉireann, cairde idirnáisiúnta, comhpháirtithe agus pobail áitiúla ag glacadh páirte i réimse gníomhaíochtaí comórtha, gníomhaíochtaí pobail agus gníomhaíochtaí cruthaitheacha chun aitheantas a thabhairt do chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca, agus a ghnéithe idirnáisiúnta san áireamh.

Is iad seo a leanas cuid de na himeachtaí atá á bpleanáil faoi láthair ar fud na cruinne:

Beidh Ionad John F. Kennedy le haghaidh na nEalaíon Taibhiúcháin i Washington D.C. ag óstáil féile trí seachtaine d'ealaíona agus cultúr

· Beidh Ionad John F. Kennedy le haghaidh na nEalaíon Taibhiúcháin i Washington D.C., i gcomhpháirtíocht le hAmbasáid na hÉireann, ag óstáil féile trí seachtaine d'ealaíona agus cultúr na hÉireann dar teideal ‘Ireland 100: Celebrating a Century of Irish Arts and Culture’ ón 16ú Bealtaine go dtí an 5ú Meitheamh.

· Beidh ceolchoirm ina mbeidh ceoltóirí clasaiceacha agus amhránaithe Éireannacha ag glacadh páirte ar siúl ag Halla Wigmore, an t-ionad iomráiteach i Londain, i mí Aibreáin 2016. Faoi stiúir John Gilhooly, an fear de bhunadh na hÉireann atá ina Stiúrthóir ar Halla Wigmore, beifear ag díriú airde, mar chuid de chomóradh 2016, ar an gcion atá déanta ag Éireannaigh i dtaobh an cheoil chlasaicigh.

· Cuirfear sraith imeachtaí poiblí i láthair in Áras Glucksman na hÉireann in Ollscoil Nua Eabhrac (NYU), ag tosú i bhfómhar na bliana 2015, ina mbeifear ag díriú ar cheol, scannáin, filíocht agus prós. Cuirfear bailchríoch leis an tsraith sin le mór-chomhdháil acadúil ar an 21-23 Aibreán 2016, ina ndéanfar iniúchadh ar an ngaol idir Meiriceá agus 1916, agus ina mbeidh os cionn fiche cainteoir I Sydney, cuirfear sraith léirithe ar an dráma The Plough and the Stars le Seán O'Casey

· Idir mí an Mhárta agus mí Iúil 2016, beidh comórtais aistí agus ealaíne do scoileanna á reáchtáil ag Ambasáid na hÉireann i Buenos Aires, lena spreagfar na rannpháirtithe chun a gcuid machnaimh a dhéanamh ar théamaí lena n-áireofar Éirí Amach na Cásca agus an caidreamh idir Éire agus an Airgintín. Beidh 'Blitz Peile Gaelaí' ar bun freisin.

· Beidh Ambasáid na hÉireann i Dubai, i gcomhpháirtíocht leis an ngrúpa amharclainne Danú, ina hóstach do shraith imeachtaí cultúrtha chun comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916 ag an Amharclann Madinat, i Dubai, ar an 22-23 Aibreán 2016. Beidh dráma le Seán O'Casey ar an gclár, mar aon le rince Gaelach, ceol traidisiúnta agus amhránaíocht thraidisiúnta na hÉireann, agus baint acu leis an bhfilíocht agus na litreacha deireanacha a scríobh ceannairí Éirí Amach 1916.

 I Sydney, cuirfear sraith léirithe ar an dráma The Plough and the Stars le Seán O'Casey ar bun le linn na Féile Pádraig.

· Beidh Féile Beckett Idirnáisiúnta Pháras na bliana seo chugainn ar siúl ar feadh mhí an Mhárta 2016 agus beifear ag díriú isteach ar Éirí Amach 1916 mar chuid di. Mar chuid den chlár comórtha Sixteen16, cuirfidh sé dhuine dhéag d'ealaíontóirí Éireannacha nó grúpaí ealaíne ó earnálacha amharclainne, rince, litríochta, amharcealaíon, ceoil agus scannán na hÉireann léirithe ar siúl lena dtabharfar freagra ar shaothar Samuel Beckett.

· Reáchtálfaidh Glór na nGael agus an Ard-Chonsalacht i mBostún comhdháil a thabharfaidh grúpaí Gaeilge ó áiteanna ar fud na Stát Aontaithe

· Tá réimse imeachtaí comórtha pleanáilte don Róimh, do Bheirlín agus do chathracha Eorpacha eile lena n-áirítear scannáin a chur ar scáileán, imeachtaí scríbhneoirí agus taibhléirithe amharclainne.

Tuilleadh eolais

Éire 2016: Clár comórtha céad bliain