Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Fóram Eacnamaíochta na hÉireann-na hAfraice 2014

Beidh Fóram Eacnamaíochta na hÉireann-na hAfraice ar siúl ón 29 – 30 Deireadh Fómhair 2014. Tugann an Fóram deis do ghnóthaí na hÉireann teagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe na hAfraice chun deiseanna infheistíochta agus a mbeadh chun leasa an dá thaobh a mheas. Tháinig ardú 35% ina iomláine ar thrádáil tráchtearraí idir Éire agus an Afraic, ó 2010 – 2013, ó €1.7 billiún go dtí os cionn €2.3 billiún.

Africa Ireland Economic Forum 2014

I mbliana, díreoidh an Fóram ar Athrú trí Theicneolaíocht agus ar na deiseanna fostaíochta agus ar na gnóthaí nua atá á gcruthú trí theicneolaíocht, trí theicneolaíocht soghluaiste go mór mhór, atá ag athrú na modhanna ina ndéantar tuairimí a roinnt agus na modhanna ina ndéantar gnó a láimhseáil ar fud na hAfraice. Tá Fóram Eacnamaíochta na hÉireann-na hAfraice á reáchtáil ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála i gcomhar le Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus le Cór Taidhleoireachta na hAfraice in Éirinn. Tugann an Fóram deis do ghnóthaí na hÉireann teagmháil a dhéanamh lena gcomhpháirtithe san Afraic chun deiseanna infheistíochta agus a mbeadh chun leasa an dá thaobh a mheas. Tá Fóram Eacnamaíochta na hÉireann-na hAfraice (AIEF) ar an imeacht bliantúil eacnamaíoch is mó de chuid na hÉireann a dhíríonn ar an Afraic, agus tá an imeacht ceithre bliana ar an bhfód i mbliana.

Tháinig ardú ar thrádáil tráchtearraí idir Éire agus an Afraic in 2010 – 2013, ó €1.7 billiún go os cionn €2.3 billiún.

Tá fás tagtha ar chúrsaí caidrimh na hÉireann le tíortha na hAfraice, a chuimsíonn ceangail láidre eacnamaíocha, pholaitiúla agus forbartha. Tabharfaidh an tUachtarán Michael D. Higgins cuairt ar an Aetóip, ar an Mhaláiv agus ar an Afraic Theas an mhí seo chugainn.

Tá borradh tagtha faoi cheangail ghnó, infheistíochta agus trádála idir Éire agus an Afraic.

Trádáil idir Éire agus an Afraic faoi láthair:

  • Tháinig ardú 35% ar thrádáil tráchtearraí idir Éire agus an Afraic ó 2010 – 2013, ó €1.7 billiún go os cionn €2.3 billiún.
  • Tháinig ardú tuairim is 25% ar earraí a easpórtáladh as Éirinn, agus mhéadaigh na hearraí a iompórtáladh as tíortha san Afraic fho-Shahárach faoi dhó.
  • Luach €1.7 billiún ina iomláine a bhí ar sheirbhísí trádála in 2012. (níl na figiúirí do 2013 ar fáil go fóill).
  • Aithníonn comhpháirtithe na hAfraice cruthú fostaíochta, infheistíocht dhíreach eachtrach, trádáil, fiontraíocht dhúchasach agus forbairt earnála príobháidí mar phríomhspreagthóirí ar fhorbairt.

Deiseanna do ghnóthaí Éireannacha san Afraic

  • Ó thaobh na hÉireann de, ní féidir an Afraic a áireamh mar imreoir imeallach i dtéarmaí eacnamaíocha a thuilleadh, le rátaí fáis ag 4.8% ar an meán do 2013 ar fud na hilchríche, agus seasann na réamh-mheastacháin do 2014 ag 5.1%.
  • Athosclaíodh Ambasáid na hÉireann I gCéinia le gairid, rud a léiríonn go bhfuil ionadaíocht againn sna geilleagair is láidre in Iarthar, Oirthear agus i nDeisceart na hAfraice – sa Nigéir, i gCéinia agus i nDeisceart na hAfraice. Tá 12 Ambasáid san Afraic faoi láthair.
  • Tá na hOifigigh Ambasáide san Afraic ainmnithe mar Lárionaid Trádála agus tá na hAmbasáidí ag comhoibriú lena chéile chun deiseanna a aithint agus a chothú do ghnóthaí na hÉireann, lena ngnóthaí a fhás agus a fhorbairt san Afraic. Áirítear orthu sin an Aetóip, inar chuidigh an Ambasáid le cuideachtaí réiteach a fháil ar shaincheisteanna maidir le rochtain margaidh; i gCéinia, ina raibh an Ambasáid in Dar-es Salaam (a bhain le Céinia ag an am) ar thús cadhnaíochta maidir le Líonra Gnó na hÉireann agus Chéinia a bhunú; agus i Uganda, ina bhfuil an Ambasáid ag tacú go gníomhach le Naisc Thrádála a chruthú leis an earnáil phríobháideach sa tír.