Skip to main content

Fianáin

Úsáidimid fianáin ionas go bhfaighidh tú an taithí is fearr ar ár láithreán agus comhlíonaimid ár gceanglais Cosanta Sonraí ag an am céanna. Lean ort gan do chuid socruithe a athrú, agus gheobhaidh tú fianáin, nó athraigh do chuid socruithe fianáin ag aon tráth.

Tacú leis an Athmhuintearas i dTuaisceart Éireann

Tánaiste Eamon Gilmore with the Foyle Women's Information Network

Líonra Eolais Ban an Fheabhail lena gcuilt phíosála ag cur síos ar a ról i gcothú na síochána i nDoire

 

Tugann ár bhFóram Líonraithe Athmhuintearais bliantúil raon leathan de ghrúpaí pobail agus eagraíochtaí deonacha le chéile a dtacaímid lena n-iarrachtaí i dtreo athmhuintearais idir na traidisiúin éagsúla i rith na bliana.

15 bliain tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta, bhí na dúshláin roimh an tsíocháin fhadtréimhseach agus chobhsaí i dTuaisceart Éireann i 2013 ann le go bhfeicfeadh an uile dhuine iad.

Tháinig agóidí na ndílseoirí faoi bhrataigh, an foréigean leanúnach a bhaineann le paráidí agus an cliseadh glacadh go hiomlán le hoidhreacht na dtrioblóidí, go léir chun cinn i rith na bliana agus bhí siad seo ar fad ina n-ábhar sa bpróiseas cainteanna idir páirtithe Fheidhmeannacht Thuaisceart Éireann faoi chathaoirleacht an Dr Richard Haass agus an Dr Meghan O’Sullivan.

Ag an am céanna bhí fócas in athuair ón bpobal agus ón earnáil dheonach ar dhul chun cinn na síochána i dTuaisceart Éireann. Tháinig an Grúpa 15 Years On le chéile chun machnamh a dhéanamh ar rathúlachtaí agus ar chliseadh an phróisis síochána agus chun foghlaim ó na heispéiris seo don todhchaí, agus chuaigh i gcomhpháirt linne don Fhóram Líonraithe Athmhuintearais bliantúil a tionóladh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair.

Tá glórtha nua ann atá ag tabhairt dúshláin dúinn ar fad na constaicí gan réiteach a aithint agus deireadh a chur leo ar mhaithe le sochaí atá roinnte agus réitithe - Tánaiste Eamon Gilmore

Ghlac breis agus 150 toscaire ó raon grúpaí pobail ar fud an oileáin páirt i gceardlanna idirghníomhacha i rith an lae. Cuireadh de chúram orthu an chéad 15 bliain eile a shamhlú agus na dúshláin a bhainfeadh le fíorú na n-íomhánna sin a aithint. Cheadaigh ardán cainte do shraith de chainteoirí óga a raibh cúlra acu sna healaíona, feimineachas, an ghluaiseacht saothair, spórt gairmiúil, fiontar sóisialta agus cearta LGBT, aghaidh a thabhairt ar rannpháirtithe le dearcthaí nua.

Chonaic an fóram painéal freisin a chuimsigh ionadaithe ó SA, RA agus AE agus iad ag plé an chaoi a bhféadfadh an pobal idirnáisiúnta tacú leis an bpróiseas athmhuintearais sa lá atá inniu ann. Roinn Jonathan Powell agus Liz O'Donnell a dtuairimí ar an gComhaontú agus ar a oidhreacht. Is é an Tánaiste a thug an t-aitheasc deiridh.

Tá imeachtaí mar an fóram líonraithe agus rannpháirtíocht leanúnach an tAire agus na Roinne leis an earnáil seo, ag cuidiú chun bonn eolais a chur faoi chreatbheartas nua lenár ngníomhaíochtaí chun tacú leis an athmhuintearas, a fhoilseofar i 2014, a threorú. Aithníonn an rannpháirteachas seo an gá atá ann an tsíocháin a chothú ag leibhéal na cosmhuintire chun dul i bhfeidhm ar fud na sochaí. Tacaímid leis an earnáil seo trínár gCistí Athmhuintearais agus Frith-sheicteachais, a chuireann ar chumas eagraíochtaí coinneáil le tionscadail a chuireann fíor-athmhuintearas buan chun cinn agus a neartaíonn caidreamh pobail inbhuanaithe. Féadfaidh tú fáil amach cén chaoi le cur isteach ar mhaoiniú anseo.

 

An Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Eamon Gilmore, T.D., agus an t-aitheasc deiridh á thabhairt aige ag an bhFóram Líonraithe Athmhuintearais: